Cearta & Ceiliúradh

 

Bhunaigh POBAL a ócáid bhliantúil Cearta & Ceiliúradh i 2009 le hócáid mhór siamsaíochta a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus le haird a tharraingt ar an ghealltanas a thug rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn 2006, nár comhlíonadh go fóill, le hAcht Gaeilge a chur i bhfeidhm.

IMG_3157

Meallann an ócáid, a reáchtáil POBAL in Aonach Naomh Seoirse, Béal Feirste le 3 bliana agus a reáchtáiltear anois i Halla Uladh Bhéal Feirste, Gaeilgeoirí agus tacaithe ó achan chearn den tír. Chuimsigh an ócáid turais bhus sa Ghaeilge, scannán ar an scáthlán mór ag Halla na cathrach Bhéal Feirste, paráid cheiliúrtha scáthanna fearthainne, ealaíontóirí clúiteacha na tíre seo agus na hAlban, sorcas, taispeántais, ceardlanna, ceol, damhsa, dráma, ealaín, aghaidh phéinteáil, seastáin bhia agus eolas, agus go leor eile.

Féach grianghraif Cearta & Ceiliúradh ó 2009 – 2013 anseo

Féach físeáin Cearta & Ceiliúradh ó 2009 – 2013 anseo

Tá POBAL ina chuideachta faoi theorainn ráthaíochta.
Tag. carthanachta XT27908