|
Bunaíodh POBAL i mí Eanáir 1998 nuair a tháinig ionadaithe ó ghrúpaí Gaeilge éagsúla le chéile le forbairt na teanga i mBéal Feirste a phlé. Ag an chéad chruinniú, socraíodh go raibh gá ann do scáthghrúpa le híomhá na Gaeilge a ardú, le heolas a scaipeadh, le fóram daonlathach a chruthú agus le treoir straitéiseach a sholáthar. Bhí sé soiléir, chomh maith, go raibh an-suim ag grúpaí taobh amuigh de Bhéal Feirste bheith páirteach in POBAL ach nach raibh na háiseanna againn freastal ar na riachtanais s'acu. Is fadhb í seo go fóill!
Ar feadh dhá bhliain, bhí POBAL ag brath go hiomlán ar obair dheonach ár mballraíochta. Anois tá beirt oibrithe lánaimseartha fostaithe ag an eagraíocht a bhuí le maoiniú ó Bhord Páirtíochta Eorpach Bhéal Feirste agus ó Chrannchur Náisiúnta na hÉireann.
Ó mhí na Nollag 1999 i leith tá muid ag tabhairt faoi réimse leathan d'obair fhorbartha. Reachtáil muid cruinnithe eolais idir na baill s'againne agus An Coimisiún Um Chearta an Duine, Aonad NewTSN, An Chomhairle Ealaíon (TÉ), Coiste Oideachais agus Leabharlainne agus an Pháirtíocht 'Early Years', agus le saineolaí ar reachtaíocht idirnáisiúnta, Dr. Fernand de Varennes.
Ullmhaíodh aighneachtaí maidir le cúrsaí maoinithe do cheantair agus do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, moltaí i dtaca le cearta daonna, agus maoiniú do na healaíona. Tá muid go fóill ag glacadh páirte i bpróisis chomhairleacha faoin turasóireacht agus forbairt margaíochta na cathrach.
Chuaigh ceistiúchán amach chuig 17 grúpa Gaeilge, baill de POBAL ag tús na bliana le fáil amach cad iad fadhbanna agus riachtanais na ngrúpaí, chomh maith leis na tuairimí s'acu ar an Tionól agus ar an Fhoras Teanga.
Agus seo a scríobh, tá 14 ceistiúchán, (82%), ar ais.
Seo thíos roinnt de na ceisteanna a cuireadh ar na grúpaí agus a bhfreagraí siúd orthu: "Cad iad na fadhbanna is mó atá ag an ghrúpa fá láthair? " Easpa traenála agus scileanna cuí a luann ag 9 /14; (64%.)
Easpa maoinithe leanúnaigh - 8/14; (57%)
Easpa áiseanna, (talamh/suíomh buan san áireamh) - 5/14; (36%.)
|
|
I measc na bhfadhbanna eile a luadh bhí:
Easpa polasaithe poiblí ar an Ghaeilge.
Easpa aitheantais phoiblí ar an obair atá ar bun ag grúpaí. "Cé chomh deacair is atá sé maoiniú a fháil don ghrúpa?" Tugadh scála 1-10 do ghrúpaí leis an chéist seo a fhreagairt, 1=simplí, 10=dodhéanta. Léirigh 57% leibhéal deacrachta 7 agus níos airde. * 43% den iomlán ag tabhairt scór 8 agus níos áirde.
Thug 7% scór 5/6.
Léirigh 14% de na grúpaí leibhéal deacrachta 4 nó níos lú.
Maidir leis na socruithe nua polaitiúla, cuireadh 2 ráiteas os comhair na ngrúpaí: "Freastalóidh an Tionól nua ar chearta phobal na Gaeilge." Leirigh 50% de na grupaí nach dtiocfadh leo aontú leis an ráiteas ar dhóigh ar bith.
Bhí 36% go fóill idir dhá chomhairle.
Ní raibh ach 14% a d'aontaigh ar dhóigh ar bith go bhfreastalódh an Tionól nua ar chearta phobal na Gaeilge. "Cuirfidh an Foras Teanga go mór le forbairt na Gaeilge." Bhí 50% go fóill idir dhá chomhairle faoiseo. Amach as an 50% eile, dúirt 36% nach dtiocfadh leo aontú ar chor ar bith go gcuirfeadh sé "go mór le forbairt na Gaeilge". Mhothaigh 14% den iomlán go gcuirfeadh an Foras le forbairt na teanga go dtí pointe éigin.
Fiú ag an luathphointe seo, is léir go bhfuil obair roimh POBAL, agus tchítear anseo cuid de na deacrachtaí atá ag grúpaí faoi láthair agus léirítear easpa mhuiníne i seirbhísí stáit.
Mar chuid den taighde chéanna tá ceistiúcháin anois faoi bhráid 10 de na gaelscoileanna i mBéal Feirste. Chomh luath is atá eolas isteach uathu, beidh sé le léamh agat anseo!
Is féidir dul i dteagmháil le POBAL ar Béal Feirste 438132, facs 248667 nó ríomhphost eolas@pobal.org
|