|
Bille Ceart agus Cearta Daonna
Ba léir ó fhiosriúcháin Fhionnghuala ar an Bhille Ceart go bhfuil pobal na Gaeilge chéana féin ag smaointiú go domhain ar an mhéid a ba chóir don Bhille a ófráíl daofa:
"Ba chóir go mbeadh cearta teanga luaite sa Bhille: An ceart le Gaeilge a fhoghlaim, an ceart d’oideachas lán-Ghaeilge, an ceart le gnó a dhéanamh leis an rialtas i do theanga féin. Cothrom na féinne sa deireadh thiar thall."
"Chuirfinn féin béim ar leith ar an Oideachas. Ba chóir go mbeadh na seirbhísí agus na háiseanna cheana chéanna ag na scoileanna lán-Ghaeilge agus atá ag na scoileanna Béarla."
"Caithfidh mé adhmháil go bhfuil mé buartha fán rud iomlán. Cé go bhfuil an-phlé fán rud, agus go bhfuil an t-Acht Ceart Daonna againn anois, sílim go fóill go bhfuil an seandearcadh ag na cuirteanna anseo. Tá troideanna romhainn."
"De réir mar a thuigim é, beidh cearta an uile duine cosainte fán Bhille seo, ach beidh air a bheith leathan go leor le tabhairt faoi cásanna speisialta, daoine le riachtanais ar leith, pobal na Gaeilge ina measc."
"Is iad na cearta atá le baint amach againn i bpobal na Gaeilge, ná iad siúd atá ag lucht an Bhéarla sa gnáthshaol: le bheith abálta dul chuig an dochtúir, chuig an dlíodóir, chuig a leithéid BT agus NIE, agus seirbhís a iarraidh ‘s a fháil trí mhéan na Gaeilge."
"Cad é faoi níos mó Gaeilge a fheiceáil ar an teilifís? Gaeilge ar an raidió? Cad é fá chúrsaí traenála trí mheán na Gaeilge do dhaoine ar mhaith leo dul sa treo sin? An feidir linn na rudaí seo a bhaint amach le Bille Ceart? Más feidir, iontach!"
"Sílim go gcaithfmid a bheith cúramach faoi seo, an teanga cheart a úsáíd. Ní leor é le rá nach mbeidh idirdhealú ann i néadan cáinteoirí Gaeilge. Caithfimid dualgais a leagan síos leis an Ghaeilge a chur chun tosaigh sa sochaí úr."
"Aitheantas ar an Ghaeilge agus ar an teanga mar Cheart Daonna."
"Sílim gur chóir go mbeidh na cearta chéanna ag an lucht lán-Gaeilge ‘s atá ag an lucht lán-Béarla. Ba liom jabanna lán-Gaeilge insna rialtais a fheiceáil cosúil leis an dóigh a bhfuil jabanna lán-Bheárla insna rialtas."
"Bheadh an saol níos fusa agus níos suimiúla dá mbeadh an Ghaeilge thart orainn an t-am ar fad, in áit í a bheith ann an corruair agus é a chloistéail anseo is ansiúd agus sílim go mbeidh seo amhlaidh leis an Bhille Cearta."
"Cad chuige a dtugann siad airgead do na mórghrúpaí seo, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Iontaobhas Ultach srl. Cad é a gheall na grúpaí seo go ndéanfadh siad leis an airgead, agus cad é mar atá a fhios ag an Fhoras go ndéanfaidh siad é? "
"Dream eile ón Deisceart ag iarraidh tionchar a imirt orainn sa Tuaisceart. Sin mar a fheicimse féin iad. "
"Ní raibh fáilte rómhaith roimpi ar an tsaol, an raibh? Tá súil agam go bhfuil athrú ar an scéal anois is go mbeidh deis acu iad féin a chruthú amach anseo…….. "
"Tugann an méid atá ráite ag an Chathaoirleach, Mairéad Uí Mháirtín, go dtí seo muinín dom go bhfuil an dea-thoil ann a gheobhas an obair déanta……."
"Tá mé go fóill amhrasach fán rud iomlán. Beidh sé suimiúil. Mura bhfuil siad sásta na hoifigí s'acu a lonnú i measc na nGael, in Iarthar Bhéal Feirste, sílim go dtabharfaidh sin leid maith dúinn fán chlaonadh s'acu"
|
|
Stadas na Gaeltachta do phobal Ghaeilge Bhéal Feirste
"Silim gur cur amú ama é Béal Feirste a bheith mar chuid den Ghaeltacht oifigiúil, má bhíonn an Ghaeltacht á reachtáil mar atá fá láthair."
"Cad é an rud é Gaeltacht? Más fíor gur pobal é, tá pobal na Gaeilge Bhéal Feirste beo, bríomhar agus díograiseach. Ba chóir iad a aithint mar pobal Gaeltachta"
"Tá an Gaeilge anseo beo agus sílim gur chóir Béal Feirste a aithint mar pobal Gaeltachta>"An bhfuil ciall ar bith le stadás Gaeltachta? Ní dóigh liom go ndéanfadh sé aon difir ar an talamh."
"I ndeiradh na dála is cuma..... beidh muid ann le stadás Gaeltachta nó gan é."
"Sílim gur chóir go mbeadh stadás Gaeltachta ag Béal Feirste mar taobh amuigh de Tír Chonaill ní dóigh liom go bhfuil pobal Gaeilge ar bith níos díograsaí ná muidine féin."
"Ba mhaith an rud é Pobal Gaeilge Béal Feirste aitheantas a fháil mar Gaeltacht, níl dóchar ar bith leis . Ach an ndéanfaidh sé mórán de dhifir?"
"is Gaeltacht í cheana féin. Is cuma í aitheanta ná gan aitheantas ach ní dhéanfadh sé aon dochar ar bith dúinn stadas oifigiúil a bheith againn i ndiaidh na hoibre uilig atá déanta ag an phobal s’againn thar na bhlianta beaga cumas."
"Sílim gur chéim tábhachtach é a ba chóir don Chomisiúin a ghlacadh. Tógfadh sé croí agus an phobail." Tuairimí éagsúla ó phobal na Gaeilge ar Fhoras na Gaeilge: Tá Foras na Gaeilge go mór mór i mbéal an phobail fá láthair, nó sin a shíl POBAL nuair a rinne muid voxpops orthu ar na mallaibh. D'iarr muid ar chustameirí sa Chaife Glás agus i gcaife Cúpla Focail, ar Bhothar na bhFál, tuairimí s'acu a nochtadh ar an bhord tras-teorainn, a thug amach céad bhabhta de dheontais s'acu ar an mhí seo chuaigh thart. Mar a tchí tú, ní raibh siad uilig ar aon intinn fán Fhoras nua!
"Ní múinteoirí ach foghlaimeoirí iad i dtaca leis an tuaisceart de. In amanna, tagann an seanfhocal i gcuimhne dom: an t-uan ag múineadh méilí dá mháthair……."
"Bheadh sé maith dá mbeadh a fhios ag daoine cé hiad! Ba chóir daofa iad féin a chur in iúl go poiblí agus ardphróifíl a bheith acu. An bealach is fearr le seo a dhéanamh ná bheith lonnaithe i lár phobal na Gaeilge- in Iarthar Bhéal Feirste……... "
"Níl mé sásta ar dhóigh ar bith fán Fhoras mar atá fá láthair, ach creidim go dtiocfaidh athruithe ar an bhliain seo chugainn….."
|