|

Ag tógáil nirt le Tá Bímis uilig amuigh ag tacú leis an Ghaeilge, Dé Sathairn 16 Feabhra! Tá eagraíochtaí Gaeilge fud fad na tíre ag tacú le feachtas nua POBAL ‘Tá’ atá dírithe ar íomhá dearfach na Gaeilge a ardú don Ghaeilge. Ach chomh maith leo sin, tá an-suim sa togra ag grúpaí de cuid na mionlaithe eitneacha ó thuaidh chomh maith. Agus tá fearadh na fáilte á chur roimh rannpháirtithe sa chéad mórimeacht eile.
Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, ‘Dé Sathairn 16 Feabhra, beidh Paráid Cheiliúrtha ar son na Gaeilge agus na hÉagsúlachta ar siúl ar a 1 i.n. ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go lár Bhéal Feirste. Chomh maith leis an tacaíocht atá muid ag fáil ó ghrúpaí Gaeilge agus eagraíochtaí Béarla, tá grúpaí eitneacha ag tacú linn. Beidh ceoltóirí Indiacha, dragáin Síneacha agus filí na hAifrice ag siúil taobh le taobh le pobal na Gaeilge agus muid uilig ag seoladh theachtaireacht soiléir dearfach ar son na Gaeilge is na héagsúlachta.’
Dúirt Séamus Mac Aindreasa, Oifigeach Forbartha le POBAL, ‘Is féidir le gach duine a bheith rannpháirteach sa pharáid: daoine aonaracha, grúpaí Gaeilge, grúpaí Béarla, scoileanna, comhairlí áitiúla, cumainn tionóntaí, comhphairtíochtaí, ceardchumannaithe, ealaíontóirí, agus daoine eile nach iad! Tháinig Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar bord leis an ócáid a reáchtáil agus tá daoine fud fad na tíre ag scaipeadh scéal na paráide.
Mhínigh Cathaoirleach na Cultúrlainne, Gearóid Ó Cairealláín, ‘Is feachtas iontach é seo. Teachtaireacht amháin an-simplí ar fad. Is féidir le duine ar bith, is cuma cén cúlra atá acu, an focal beag dearfach sin a rá.’ Beidh an Chultúrlann ag tacú leis an pharáid agus le ceardlanna an mhaidin ceanna nuair a bheidh blaiseadh de shaibhreas teanga, cultúir agus bia ann do pháistí agus do dhaoine fásta ar fáil ó 11 – 12.30 le haonach bia dhomhanda, ceardlanna teangacha eitneacha, péinteáil aghaidheanna, ealaín Síneach, lámh-phéinteáil Indiach le henna, filíocht na hAifrice, suathaireacht cinn Indiach, scéalaíocht Ulaidh agus níos mó.
Dúirt Julius Anakaa, Cathaoirleach ar an Afro-Community Support Organisation, ‘It is good that POBAL has taken this initiative to bring people together, recognizing the Irish language as well as other communities that live here. That can only increase and add to the richness of the culture here and make it a better place.’
Dúirt Pritam Sridhar, ‘ArtsEkta are delighted to be working with Pobal and other Irish language and art organisations. On the "Ta" Project We are committed to the promoting, sharing and teaching of art forms from around the world throughout Northern Ireland.
Arts Etta recognises the fact that Irish art, Language, music and culture plays a major and important role in the lives of so many individuals and groups in the province. Furthermore, there are many areas of synergie which exist among Irish Art forms/culture and arts from other nations such as Africa, India, Latin America. We have worked to bring artists together form these nations to work together, thus encouraging relationship building, greater understanding and ultimately greater mutual respect. As Northern Ireland becomes increasingly cosmopolitan, the importance of greater respect for all cultures is paramount for a stable and peaceful society.’
Dúirt Janet Muller, ‘Is mithid teachtaireacht láidir dearfach a chur amach go bhfuil an Ghaeilge agus an éagsúlacht ag croílár tógáil na sochaí úire sa tír seo. Cuireann siad le saibhreas cultúrtha agus sóisialta na tíre. Tá pobal na Gaeilge ag cur fáilte roimh grúpaí eitneacha mar go bhfuil muid uilig ag tacú le chéile le todhchaí níos fearr agus níos cothroime a chruthú.’
Dúirt Nic Sadlier ó POBAL, ‘Cothom bliana ó reachtáil muid mórshiúil ar son Acht na Gaeilge, beidh muid ag seoladh teachtaireacht soiléir amach go bhfuil an Ghaeilge beo, bríomhar agus buan. Beidh pósteair, leabharmharcanna, suaitheantais, greamáin agus ábhair eile ar fáil ó POBAL lá na paráide, ach beidh fáilte ar leith chomh maith roimh mheirgí, póstear agus ealaín déanta ar scoil nó sa bhaile, séideoga agus uirlisí eile. Beidh ócáid iontach bríomhar againn agus failte roimh chuidiú ón phobal féin. 
Bainigí tairbhe as An Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh Tógaigí amach bhur bpinn agus scríobhaigí chuig gach rannóg stáit nó comhairle áitiúil as Gaeilge.
Tá sé de dhualgas ar áisínteachtaí Rialtais glacadh le comhfhreagras as Gaeilge.
I mí Mhárta 2001, dheimhnigh Rialtas na Breataine an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh.
Roghnaigh an Bhreatain 36 foráil den Chairt le cur i bhfeidhm. Gan amhras seo an méid is lú a bhí orthu a dhéanamh. Ainneoin sin, tá dul chun cinn déanta agus tugann daingniú na Cairte cearta breise dúinn. Cuireann an Chairt dualgais ar na húdaráis áitiúla agus rannóga rialtais seirbhísí ar leith a sholáthar do lucht na Gaeilge.
Iarrann Cuid II den Chairt ar Rialtas na Breataine gníomh dearfach a ghlacadh leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus cinnte a dhéanamh nach ndéanfar aon rud a chuirfeadh bac ar úsáid na Gaeilge. Ní cheanglaíonn sé seo iad le gníomh ar leith a dhéanamh.
Ach taobh istigh d’Alt 10 i gCuid III den Chairt, tá sraith míreanna sínithe ag an Bhreatain a cheanglaíonn comhairlí áitiúla agus rannóga Rialtais le freastal ar phobal na Gaeilge:
* Caithfidh an Rialtas glacadh le comhfhreagras as Gaeilge;
* Caithfidh siad glacadh le hiarratais labhartha as Gaeilge nó inneall freagra a shocrú chuige sin;
* Caithfidh siad aistritheoirí a chur ar fáil nuair is gá;
* Caithfidh siad doiciméid a dhréachtú as Gaeilge;
* Caithfidh siad glacadh le hainmneacha pearsanta Gaelacha;
* Caithfidh siad meas a thaispeáint ar logainmneacha traidisiúnta Gaelacha.
Molann Pobal do lucht na Gaeilge an deis a thapú agus muid i mbun gnó leis an stát. Molaimid go scríobhann daoine chucu as Gaeilge agus go n-iarrfaidh siad freastal as Gaeilge.
Molaimid go mbaintear úsáid as gach deis le litreacha as Gaeilge a sheoladh chuig na háisínteachtaí stáit – ag gearán faoi sholas sráide nach bhfuil ag obair i gceart; ag léiriú tuairimí faoi pholasaithe pleanála; ag baint tairbhe as gach deis le héileamh d’fhreastal as Gaeilge a thaispeáint.
Is féidir míniú níos iomláine ar an Chairt a fháil ach glao ar Mharcas Mac Ruairí ag Pobal ar (028) 9043 8132.
Is féidir na míreanna sin atá sínithe ag an Bhreatain a léamh ar www.pobal.org Ag tógáil na sochaí úire Le tríocha bliain anuas, is beag iarracht, i gcúrsaí an Tuaiscirt is mó, a raibh rath air ná forbairt phobal na Gaeilge. D’fhás fiontar ar bharr fiontair, tionscnamh i ndiaidh tionscnaimh, ón bhun aníos - iad ag cruinniú nirt agus tábhachta ó bhliain go bliain, go dtí gur líon siad láthair shuntasach ar an ardán mar a bhfuil athnuacháin shóisialta agus gheilleagrach á plé, á pleanáil agus á réamhchleachtadh.
Sa ré seo ina dtuigtear tábhacht na hinmharthanachta, aithnítear gur mór a chuidíonn ilteangachas le rath an phobail uilig. Mar thoradh agus mar éadail air, gintear jabanna agus ioncam trí thógraí ealaíne, turasóireachta agus trí sholáthar na seirbhísí a chraobhaíonn astu. Bláthíonn gnó-iarrrachtaí i nDoire, Dún Pádraig, Oileán an Ghuail, Srath Bán, Ardmhacha Theas, Dún Lathaí, Glinnte Aontrama. In Iúir Cinn Trá, tá oifeagach Gaeilge ag obair don Chomhairle Ceantair le cúig bliana anuas. Agus i gcathair Bhéal Feirste, a mheastar ar cheann de na Gaeltachtaí uirbeacha is mó sa tír, féach Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, faoi athmhéadú agus athmhaisiú, ina chroílár ag beagnach gach eachtra cultúir agus ealaíne atá ar siúl agus in áras ag ceithre féilte náisiúnta drámaíochta agus ealaíne le blianta beaga anuas. Tá Gairm agus Forbairt Feirste ansin, iad go díbhirceach i mbun tógraí oiliúna agus gnólainseála i measc Gaeilgeoiri óga; agus An Telelann fós i mbun áiseanna aistriúcháin agus ríomhcheardaíochta ansin sula mbogann sé anonn chuig An Nasc, a fhoirgneamh feidhmchuí féin. Féach fás na ngnólachta pobail, dála Gaeláras Dhoire, Ceathrú Póilí na leabhar is na mbronntanas, an Caife Glas, An Café Gaelach, an Cupla Focal. Agus tá tionscnaimh ghnó-idirlín agus táirgeadh scannán réidh le brú chun tosaigh i gceannródaíocht ar thuilleadh forbartha. Ar ndóigh, tá córas rathúil gaeloideachais i réim chomh maith, a chuimsíonn gach leibhéal, ó naíscoil go meánscoil.
Ó tharla an bhliain seo chugainn a bheith ainmnithe mar Bhliain Teangacha na hEorpa is tráth corraitheach é seo ag lucht na Gaeilge. Sa Deisceart tá reachtaíocht á ullmhú chun an teanga a chothú agus chun ceart na nGaeilgeoirí ar chothramas freastail agus seirbhísí a dhearbhú. Chomh maith leis an Acht Teanga, tá Bille Teanga a dhréachtú.
Sa Tuaisceart, taobh amuigh de na tagairtí tábhachtacha don teanga sa Chomhaontú, tá rialtas na Breataine tar éis Páirt III de Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda agus Mionlaigh a shíniú. Fáiltítear roimhe seo, ach níl ann ach tús. De réir taithí Ghaeilgeoirí an Deiscirt, ní leor reachtaíocht ann féin. Sé tá de dhíth ná meon agus dearcadh a chruthú sa tsochaí a chinnteoidh go gcuirfear an Chairt i bhfeidhm ar an dóigh “dheimhneach agus dhíograiseach” a sonraíodh sa Chomhaontú.
Os rud é go bhfuil stádas conartha aicí san Eoraip agus stádas oifigiúil aici sa Deisceart, tá céimíocht ar leith ag an Ghaeilge. Agus dearbhaíonn reachta idirnáisiúnta na gCearta Daonna gur chóir don earnáil phoiblí déileáil le teangacha éagsúla ar dhóigh a oireann dá gcéim agus dá riachtanas. Léiríonn an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnda agus Mionlaigh, agus na ranna cuí den Chomhaontú, léiríonn siad gur mó an riar de sheirbhísí rialtais ba chóir a thabhairt do phobal na Gaeilge ná do na grúpaí atá bainteach le hoidhreacht na hUltaise. Ins an Chairt Eorpach sin tá sainmhíniú soiléir tugtha ar an difear idir leithéid na Gaeilge agus teangacha na mionphobal eitneacha. Ainneoin béim a chur ar uathúlacht seo na Gaeilge, áfach, tá an pobal gaelach go mór i leith freastal cuí ón rialtas do na grúpaí teanga eile.
Is cinnte nach mbainfear amach sochaí úr gan pleanáil chúramach straitéiseach a dhéanamh. Caithfear an dátheangachas a lonnú go daingean i gcumadh polasaithe ar achan leibhéal agus in achan ghné d'obair na n- eagras deonach agus na n-eagras pobail, pleanáil airgeadais san áireamh go sonrach.
Tuigeann POBAL scátheagras phobal na Gaeilge, an rí-thábhacht atá leis na grúpai deonacha agus grúpaí pobail i gcruthú an athnuacháin shóisialta on bhun aníos. De bhreis ar na laethe eolais atá á bpleanáil ag POBAL do ghrúpaí pobail, reachtáil POBAL comhdháil faoi chearta teanga don Halla Cois Cladaigh, i mí Mheán Fómhair. Mar théama don chomhdháil bhi : An Ghaeilge: ag cothú éagsúlachta, ag tógáil na sochaí úire. Cuireadh i láthair a chéile tuairimí ó na saineolaithe iasachta ar chearta daonna agus teanga, agus tuairimí ón mhuintir a bhíonn ag obair ó lá go lá ar fhadhbanna sóisialta agus teanga
.Thairis sin, tá POBAL i ndiaidh polasaí Gaelbhách agus Cairt an Dátheangachais a chur le chéile mar threoir d' eagraíochta éagsúla. Tugann an Chairt seo oideas céimseach i dtreo cleachtadh an dátheangachais. Agus liostálann sé roinnt spriocanna ráithe ar féidir le heagraíocht ar bith glacadh leo mar shlat tomhais don dul chinn cinn a bheadh déanta acu.
Chun cothramas céime a thabhairt do lucht na Gaeilge níl de dhith ach meas agus freastal cuí dá réir a thabhairt dóibh. Tá an bunmhúnla ann cheana i gComhaontú Aoine an Chéasta. Is mithid anois do na grúpaí pobail agus na grúpaí deonacha a sciar féin den obair a dhéanamh chun sochaí úr dhátheangach a chruthú dúinn féin. 
Scoil na gCrann ar an Ómaigh Comhghairdeas le Scoil na gCrann ar an Ómaigh as aitheantas a fháil ón Roinn Oideachais. Idír choiste, fhoireann, thuismitheoirí agus dhaltaí na scoile, tá said uilig thar a bheith sásta.
Dúirt Julie Rafferty, Cathaoirleach na scoile:
"Cuideoidh seo go mór le forbairt na scoile. Tá sé tuillte ag an scoil i ndiaidh na hoibre díograisí atá déanta ag an choiste i mbliana. Rachaidh an scoil ó neart go neart anois."
Bunaíodh Naíscoil na gCrann i 2003 agus tá an scoil suite i gCoillidh Chlochair ar imeall na hÓmaí. Tá 13 páistí sa Naíscoil agus beidh rang a haon lán acu i mí Méan Fómhair 2006. Tá sé d’ádh ar Scoil na gCrann a bheith suite in aice le Clubtheach Naomh Mhuire agus páirc oll-mhór gan trácht ar Ionad Chultúrtha Dún Uladh a bheith ar na gaobhair. Féadfaidh páistí Scoil na gCrann lán-tairbhe a bhaint as na háiseanna spórt is cultúrtha, seo rud a chuirfeas go mór lena n-eispeireas Gaeloideachais.
Tá múinteoir nua, Liam, ceapaithe don bhunscoil úr i mbliana agus tá sé iontach sásta baint a bheith aige le scoil úr, bríomhar. Dúirt Liam:
"Tá rath agus bláth ag teacht ar Scoil na gCrann agus is deas an rud é a bheith bainte le foireann díograiseach, spreagtha. Tá an t-atmaisféar sa scoil go hiontach rud a théann i bhfeidhm go mór ar na daltaí."
Má tá cónaí ort sa cheantar seo agus suim agat sa Ghaeloideachas agus sna buntaistí a bhaineann leis an dá-theangachas, iarrtar ort dul i dteagmháil le Julie Rafferty, Cathaoirleach Scoil na gCrann i nDún Uladh ar 82 24 2777.
Treaslaíonn foireann POBAL le Scoil na gCrann agus guíonn muid gach rath uirthi.Go n-éirí go geal libh!
|
|
Acht na Gaeilge I bhfianaise diúltadh Edwin Poots reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach, dúirt POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge go gcaithfidh Gordon Brown Acht na Gaeilge a reachtú ag Westminster.
Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, ‘Cruthaíonn díospóireacht an lae an ghá atá le reachtaíocht don Ghaeilge. Is léir nach ndearnadh dainmhachnamh de chinéal ar bith ar lárcheisteanna faoi reachtaíocht, agus d’imigh an Aire ón deachleacxhtas nuair a chuir sé figiúirí bréagacha míionraice chun tosaigh. Ní raibh machnamh déanta ar éifeacht an diúltaithe ar phobal na Gaeilge ná ar chaidreamh phobail. Is cosúil go bhfuil focail nua anois in úsáid le ‘véto aontachtach’ a chur in iúl, agus is iad ‘costais agus comhaontú’ .
Dúirt sí, ‘Thug rialtas na Breataine gealltanais dleathach i gCill Rimhinn. Léiríonn torthaí dhá phróiseas comhairliúcháin go raibh mórluch na ndaoine i bhfach le reachtaíocht láidir. Tá sé soiléir anois nach mbeidh cothrom na Féinne ann do phobal na Gaeilge gan Acht na Gaeilge.’
Teil: Janet Muller 028 90 438132, or 077 13 630325 Seoladh moltaí POBAL ar Chairt na hEorpa do Theangacha
Réigiúnda nó Mionlaigh In 2001, dhaingnigh rialtas na Breataine 36 alt agus fo-alt don Ghaeilge faoi Chuid III de Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh. Tá moltaí ullmhaithe ag POBAL i dtreo dhaingniú líon d’ailt níos suntasaí agus níos láidre na Cairte don Ghaeilge agus á reachtú sa dlí intíre.
Dúirt Janet Muller, príomhfheidhmeannach POBAL, ‘Le tamall fada, tá POBAL ag cur in iúl do rialtas na Breataine gur chóir daingniú na Cairte don Ghaeilge a bheith níos láidre agus gur mithid dualgais na Cairte i leith na Gaeilge a thabhairt isteach sa dlí intíre. Tagraíonn muid mar shampla do chás na Breatnaise sa Bhreatain Bheag agus cás na Gaeilge in Alban. Tá níos mó alt agus iad níos láidre roghnaithe ag rialtas na Breataine don Bhreatnais agus don Ghàidhlig ná mar atá don Ghaeilge i dTÉ, cé go léiritear sa Daonáireamh go bhfuil líón ard do Ghaeilgeoirí ó thuaidh agus é ag fás agus cé go bhfuil cosaintí ann do na teangacha seo ceanna féin. Chomh maith leis sin, de réir na Cairte féin, caithfear teangacha atá faoi bhagairt a chosaint agus a chaomhnú go diongbháilte mar is é seo an t-aon bealach le ‘cuiteamh’ a thabhairt as coinniollacha ‘míbhuntáistiúla’ san am atá thart.’
Dúirt sí, ‘Ghlac rialtas na Breataine go raibh gá leis an Ghaeilge a chosaint nuair a shínigh sé an Chairt, seacht mbliain ó shin. Ach roghnaigh sé ailt lag agus tá na laigí sin anois níos measa mar go bhfuil borradh agus forbairt ar an phobal. Tá sé riachtanach anois go ndaighníonn rialtas na Breataine níos mó alt na Cairte don Ghaeilge. Is gníomh é seo a titeann isteach go foirfe le dualgais na Breataine faoin Chairt féin. Ní théann sé salach ach an oiread ar an ghealltanas difriúil eile a rinne Rialtas na Breataine i gComhaontú Cill Rimhinn, Acht na Gaeilge do TÉ a reachtú – gealltanas at a go fóill le comhlíonadh aige.’ 
Ródseó na Gaeilge 2007
Athscríobh de dhíth ar chearta teanga sa Bhille Ceart Tá moltaí an Choimisiúin Um Chearta an Duine ag cur chearta na Gaeilge i gcontúirt, sin an bharúil a cuireadh in iúl ag pobal na Gaeilge ag cruinnithe poiblí a reachtáil POBAL fud fad na sé chontae ar na mallaibh. Reachtáil POBAL na cruinnithe le haird an phobail a dhíriú ar na moltaí. (Tá na moltaí seo agus cóip den aighneacht POBAL i dtaca le Bille Ceart de ar fáil ar an suíomh seo, ar leathanach ‘Aighneachtai agus Cáipéisí')
Dúirt príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller, ‘Léiríodh sna cruinnithe fearg an phobail. Thiocfadh le Bille Ceart leagan amach a dhéanamh ar fhreagracht bheacht na n-earnalácha deonacha agus stáit i dtaca le soláthar seirbhísí do phobal na Gaeilge de. Thiocfadh leis cearta cuimsitheacha pobail a leagan amach dúinn mar atá ar fáil do lucht labhartha Béarla. Ní thuigeann daoine cén fáth nach gcuireann dréacht an Choimisiúin tosca sainiúla na Gaeilge san áireamh ar chor ar bith. Caithfidh an Coimisiún aithint go bhfuil an Ghaeilge ag croílár ceisteanna na féiniúlachta agus comhurraime i dtuaisceart na hÉireann, ní amháin do lucht a labhartha, ach don phobal i gcoitinne, idir Bhéarloirí agus Ghaeilgeoirí. Ach cuireann dréacht an Choimisiúin níos mó béime ar chearta do lucht labhartha Síníse ná do Ghaeilgeoirí, agus téann an cur chuige seo salach ar go leor leor reachtaíochta idirnáisiúnta teanga a léiríonn tábhacht ar leith na dteangacha dúchasacha. Tacaíonn pobal na Gaeilge le cearta teanga do na mionlaigh eitneacha. Ach, mura n-aithnítear tábhacht na Gaeilge go hiomlán i gclár oibre na nDaoncheart in Éirinn, cá háit eile a n-aithneofar í? Sa tSín, an ea ?
‘I bprionsabal, is mór an tionchar a thiocfadh le Bille Ceart a imirt ar shaol na ndaoine, agus tá Coimisiún Um Chearta an Duine ag fearadh roimh aigneachtaí agus litreacha ón phobal. ‘Bímis cinnte, mura gcluineann an Coimisiún díospóireacht agus ráic ó phobal na Gaeilge, is muid féin a bheidh thíos leis an dréacht áirithe seo.’
Cé go bhfuil an chéad spriocdháta thart, glacfaidh Coimisiún Um Chearta an Duine le haighneachtaí agus litreacha maidir leis an dréacht go gceann roinnt seachtainí eile. Ina dhiaidh sin, cuirfidh siad sainmholtaí s’acu chuig an Státrúnaí, agus glacfaidh sé féin cinneadh ar cén cruth a bheith ar Bhille Ceart an Tuaiscirt.
Tá sé thar a bheith tábhachtach do bharúil a chur chucu. Má tá cuidiú ar bith de dhíth, déan teagmháil le POBAL 028 90 438132 nó eolas@pobal.org 60 móra maithe ag tacú le Tá Tá 60 mór le rá ó shaol an chultúir, ealaín agus spóirt sínithe suas don fhógra nuachtáin POBAL ag tacú leis an togra ‘Tá’. Agus tá raflaí agus tomhasanna mire le cluinstin gach aon áit faoi go díreach cé hiad, agus cad é mar a d’éirigh le POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge iad uilig a mhealladh.
Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, ‘Chuir muid obair mhór mhaith isteach agus fuair muid trothaí móra maithe asti! Is léir gur rug an tionscnamh “Tá” gréim ar shamhlaíocht réimse leathan do dhaoine. Ag tacu linn, tá aisteoirí, drámadóirí, ealaoíntóirí, ceoltóirí agus pearsantachtaí spóirt. Beidh an fógra sna nuachtáin níos moille sa mhí seo agus tá muid ag dúil go mór leis an rí-rá faoi. D’éirigh go fíor mhaith leis an togra “Tá” go dtí seo ag é ag ardú íomhá dearfach na Gaeilge.’
Janet Muller 029 80 438132, guthán póca 077 13 630325
|