|
Tá ballraíocht POBAL ag fás léi i rith an ama agus tá grúpaí nua ag cur suime in obair POBAL i gcónaí. Ar bharr an 27 grúpa i mBéal Feirste a ghlacann páirt ghníomhach sa scáthghrúpa, tá grúpaí eile, fud fad an Tuaiscirt, ag cur suime in obair POBAL. Cé go bhfuil na háiseanna teoranta go fóill, tá POBAL i gcónaí ag amharc ar bhealaí le seirbhísí níos fearr a chur ar fáil do ghrúpaí taobh amuigh de Bhéal Feirste. Tá liosta de na grúpaí seo le fáil ag bun an leathanaigh seo. AISLING GHÉAR Bunaíodh Aisling Ghéar i 1996. Léiríonn an compántas drámaí Gaeilge ar bhonn proifisiúnta, leathphroifisiúnta agus amaitéarach. Bíonn cúig mhórfhiontar ag Aisling Ghéar in aghaidh na bliana - aistriúchán ar shampla de Dhrámaíocht an Domhain, in éineacht le dráma clasaiceach Gaeilge - chomh maith le scéim oiliúna i scileanna amharclainne do dhaoine óga. Bíonn an-ráchairt ar gheamaireacht na Nollag. I gCultúrlann McAdam Ó Fiaich a léiríonn Aisling Ghéar a gcuid oibre don chuid is mó agus gach samhradh tugtar dráma ar chamchuairt Éireann agus Alban. BUNSCOIL BHEANN MHADAGÁIN Cuireadh Bunscoil Bheann Mhadagáin ar bun i dTuaisceart Bhéal Feirste i 1994. Fuair muid aitheantas ón Roinn Oideachais i 1997, agus tá líon na ndaltaí anois ag céad pháiste. Seo mar a fheictear an tuath ag páiste ón chathair, Daire Nic An Fhaillí, Rang 6:
"Tá an tuath an-deas ar fad agus tá cuid mhór crann ag fás ann agus bia ag fás orthu. Tá neart fairsinge ann agus páirceanna glasa a bhfuil féar an-fhada ag fás iontu. Ní fheictear an oiread sin bruscair faoin tuath agus bíonn aer úr folláin ann....Is áit an-mhaith ar fad í do pháistí mar is beag saoirse a bhíonn ag páistí bheith ag reáchtáil thart i mBéal Feirste." BUNSCOIL MHIC REACHTAIN Bunaíodh Bunscoil Mhic Reachtain i 1999, i sean-Eaglais Phreispitéireach ar Bhóthar Aontroma, le cúigear páistí. Is í an dara bunscoil Ghaeilge i dTuaisceart Bhéal Feirste i. Ciallaíonn diúltú na Roinne Oideachas aitheantas nó maoiniú a thabhairt don scoil go mbíonn ar na tuismitheoirí teacht ar an airgead a chinntíonn go mbíonn fíorscoth an oideachais Ghaelaigh ag a gcuid páistí. Is léir, áfach, go bhfuil an-bhuntáiste ag na páistí. Ar na mallaibh, bhain daltaí na scoile, Niamh Ní Dhochartaigh agus Leoní Ní Rathaille, duaiseanna agus ardmholadh i gcomórtas náisiúnta ealaíne. Bhí na pictiúir s'acu le feiceáil i gCaife Trí D i mBaile Átha Cliath le linn sheachtain na Gaeilge. 
BUNSCOIL AN tSLÉIBHE DHUIBH Bunaíodh an scoil seacht mbliana ó shin le seisear páistí. Tá 125 ann anois le 27 eile ag teacht isteach ar an bhliain seo chugainn, agus an Naíscoil lán go doras go ceann trí bliana eile. Beidh ochtar ag imeacht ón scoil i mbliana agus beidh siad uilig ag dul chun na Meánscoile. Thosaigh muid foirne peile agus iománaíochta i mbliana, agus tá neart obair ríomhaireachta sa tsiúl againn. Chuaigh an scoil faoi chigireacht i mbliana agus, bhí tuairisc mhaith againn. Tá muid ar shuíomh sealadach agus i mbotháin shealadacha. Tá súil againn go mbeidh rud éigin buan againn gan mhoill. CAIRDE Bunaíodh CAIRDE i 1992, mar ghrúpa pobail le tacaíocht a thabhairt do Bhunscoil Phobal Feirste agus Naíscoil Bhreandáin. I ndiaidh dóibh aitheantas a fháil don Bhunscoil is mó i mBéal Feirste, tá CAIRDE anois freagrach as seirbhísí Naíscoile,(96 áit), agus Cumann Iarscoile, (35 áit). Le cuidiú ó grúpaí maoinithe éagsúla, beidh CAIRDE i mbun lárionaid nua,(£500,000), a bheidh ina bhaile do na seirbhísí seo thuasluaite. AN CLUB EACHTRA Bunaíodh An Club Eachtra i 1990 mar ghrúpa pobail ag soláthar áiseanna óige, fóillíochta agus oideachais, trí mheán na Gaeilge. Cothaíonn sé gnónna phobal na Gaeilge agus stiúrann sé caife agus siopa cuimhneacháin chomh maith le séirbhís a dhearann bróidnéireacht cheilteach. Tá An Club Eachtra ag súil le bheith ina fhoinse do thurasóirí eolais 
CULTÚRLANN McADAM Ó FIAICH Is í an Chultúrlann an t-aon ionad ealaíon Gaeilge i mBéal Feirste agus is é príomhchuspóir na háite na healaíona Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn i measc an phobail. I rith na bliana, bíonn clár leathan eagsúil d'imeachtaí ar bun againn idir cheolchoirmeacha, dhrámaí, thaispeántais, ranganna, léachtaí srl. Tá roinnt tionscadal bríomhar a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus pobal suite anseo, ina measc An Caife Glas agus an siopa leabhar, An Cheathrú Póilí,. CUMANN NA FUISEOIGE Bhunaigh iarchimí poblachtacha Cumann na Fuiseoige i Mí na Nollag 1998. Is iad na 3 mhórchuspóir atá againn:
1. Deis a thabhairt d'iarchimí a gcuid Gaeilge a chleachtadh.
2. Seans a thabhairt dóibh teagmháil a dhéanamh le pobal na Gaeilge.
3. Traenáil agus fostaíocht trí mheán an Gaeilge a sholáthar dóibh. Grúpaí taobh amuigh de Bhéal Feirste: Bunscoil Uí Néill Oileán an Ghuail, Co.Thír Eoghain
Conradh na Gaeilge Doire Cholm Cille
Gairm Doire Cholm Cille
Gaelphobail An Srath Bán, Co.Thír Eoghain
Gaelphobail Lár Thír Eoghain An Omaigh, Co.Thír Eoghain
Glór na nGael, Timire Uladh Machaire Rátha, Co.Dhoire
Pobal Dhoire Doire Cholm Cille
Pobal an Dúin Dún Pádraig, Co.an Dúin
Teach an Cheoil Dún Lathaí, Co. Aontroma.
|
|
AN DROICHEAD unaíodh Coiste an Droichid i 1991 le hoideachas lán-Ghaeilge a sholáthar i ndeisceart agus in oirthear Bhéal Feirste. Cé gur chuir na tuismitheoirí seo naíscoil ar bun sa cheantar, b'éigean do pháistí go fóill taisteal go dtí bunscoileanna in Iarthar Bhéal Feirste. Faoi 1996, bhí an t-éileamh ann do bhunscoil áitiúil - Scoil an Droichid - a bunaíodh ar Bhóthar Ormeau. I mbliana, thosaigh an obair thógála ar lárionad nua (£450,000) le háiseanna réamhscoile, iarscoile agus áiseanna oideachais do dhaoine fásta. FORBAIRT FEIRSTE Óna bhunú i 1994, tá Forbairt Feirste ag obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa saol eacnamaíochta agus chun fostaíocht a chruthú do lucht na Gaeilge. Cuirtear straitéis dhá thaobhach i bhfeidhm:
Taobh 1: Cuirtear traenáil ar fáil do phobal na Gaeilge chun scileanna a fhorbairt agus a fheabhsú, ionas go mbeidh lucht oibre na Gaeilge ardcháilithe.
Taobh 2: Déantar iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn in achan ghné den saol gnó ionas go mbeidh buntáiste agus deiseanna breise ann do Ghaeilgeoirí agus iad ag dul san iomaíocht d'fhostaíocht. GAELOILIÚINT Is siar sa bhliain 1991 a bunaíodh Gaeloiliúint as measc an phobail trí chéile a bhí ag plé leis an Ghaeloideachas ag an am. D'athraigh sé ó bheith ina heagraíocht a reachtáladh ag oibrithe deonacha go heagraíocht a d'fhostaigh 6/7 oibrí lánaimseartha, agus ó bheith ina scáthghrúpa don Ghaelscolaíocht go Comhairle don Oideachas Lán-Ghaeilge a bhfuil réimse leathan dúshlánach oibre aici. GAELSCOIL AN GHLEANNA Dia daoibh! Is sinne Jody, Jonathon, Damien, Alan agus Conall. Tá an scoil s'againne sa Pholl Ghlas. Seo an chéad bhliain dúinn uilig mar is scoil nua í, ach beidh 10 páiste eile linn ar an bhliain seo chugainn. Is é J.P. an múinteoir. Cuidíonn ár dteaghlaigh agus Gaeloiliúint le hairgead a thógáil don scoil. Ba mhaith linn níos mó bréagán agus míreanna meara! GAELSCOIL AN LONNÁIN Tá Gaelscoil an Lonnáin suite faoi láthair i Scoil Naomh Comghall ar Bhóthar na bhFál, agus tá naonúr páistí, idir R1 -R3, ag freastal uirthi. Sammy-Jo, Louise, Janos, Naioimi, Ryan, Yeshisha, Louise, Kirsty agus Paula. Is í Siúin an múinteoir agus is é Liam an cúntóir ranga. Seo an chéad bhliain don scoil neamhaitheanta seo ach tá muid ag dúil le go mbeidh deichniúr páistí nua ag tosú linn ar an bhliain seo chugainn. LÁ Bunaíodh Lá i 1984 mar nuachtán náisiúnta do lucht na Gaeilge. Is é guth phobal na Gaeilge é Lá agus tá sé thar a bheith bródúil as caighdeán a nuachta agus a dhearaidh. Foilsítear Lá gach Céadaoin agus tá cuid de na scríbhneoirí is cumasaí sa tír mar thuairisceoirí agus mar cholúnaithe ag an pháipéar, ina measc Séamas Mac Annaidh, Micheál Ó Dónaill, Gearóid Ó Cairealláin, Ian Malcolm, Roibéard Ó hEartáin agus Colm Ó Dúlacháin. Is iad an North Belfast News agus an Andersonstown News siúrpháipéir Lá. 
SCOIL NA FUISEOIGE Is sinne Áine agus Carmen. Téimid go Scoil na Fuiseoige. Tá an scoil s'againn i gCill Uaighe, i mBéal Feirste. Tá 98 páiste sa scoil s'againne, 50 gasúr agus 48 cailín. Tá 5 múinteoir ann: Áine R1, Máire R2, Eilís R3, Úna R4 agus Conor R5/6/7. Tá daoine eile sa scoil fosta, Kate atá ina cúntóir ranga agus Tomás, an fear faire. Tá cúntóirí am lóin ann - Joan agus Patricia, agus tá Mandy agus Corrina ina mná dinnéir. Is í Barbara an rúnaí agus is í Eilís an príomhoide. Seo na rudaí is fearr linn fán scoil: ealaín, mata agus an Ghaeilge.
(Cur síos ar Scoil na Fuiseoige ó dháltaí R7.) TACA Eagraíocht í TACA a saolaíodh corradh agus 10 bliain ó shin le freastal ar riachtanais airgeadais scoileanna Lán-Ghaeilge na Sé Chontae. Le linn an ama sin, tugadh cabhair airgid beagnach d'achan naíscoil, bunscoil agus meánscoil a dtáinig ar an tsaol ó thuaidh. Tugtar cabhair, lena chois sin, d'fhiontair chultúrtha a chuireann an teanga chun cinn. Gnóthaíonn TACA a theacht isteach ó chrannchur atá ar fáil i bhfoinsí fud fad na Sé Chontae. Táthar ag dréim le gníomhaíochtaí TACA a thosú ar bhonn níos leithne sna Sé Chontae Fichead amach anseo 
AN TELELANN Bunaíodh an TELElann mar chuid de thionscnamh leis an Ghaeilge a úsáid mar mheán cumarsáide agus le cumas na teanga ó thaobh fás eacnamaíochta de a aimsiú. Is í aidhm an chomhlachta úsáid ríomhaire agus trealamh teicneolaíochta a chur ar fáil ar luach íseal mar aon le seirbhísí oifige - i nGaeilge chomh maith leis an Bhéarla.
Tá seirbhís aistriúcháin ar fáil, idir dhoiciméid agus aistriúchán comhuaineach, do roinnt teangacha Eorpacha ach seirbhís Ghaeilge atá ann go príomha..
Cuireann TELElann Club Óige Teicneolaíochta ar fáil, chomh maith le sraith de chúrsaí sa teicneolaíocht trí mheán na Gaeilge, idir phróiséail focal agus dhearadh gréasáin. Tairgeann TELElann do ghrúpaí dul ar an Idirlíon ar ráta áirithe ar feadh uair chloig.
|