Miseanráiteas
Forbairt na Gaeilge a sheoladh isteach i sochaí úr iomlánaithe

Na Gaeil - d'aon guth
Páirtíocht nua ionadaíoch é Pobal, a thugann treoir straitéiseach agus a chuireann ar fáil fóram daonlathach do na dreamanna a chruthaigh tionscadail rathúla shóisialta, gheilleagracha, ealaíonta agus oideachasúla do phobal na Gaeilge.

Ár nAidhmeanna

  • gnéithe d'fhorbairt na Gaeilge a chur chun cinn taobh istigh de chreatlach chuimsitheach comhiarrachtaí a chothú idir pobal na Gaeilge agus áisíneachtaí reachtúla, deonacha agus rialtais chomh maith le ceangal agus comhoibriú leis na struchtúir nua rialtais
  • cur ar chumas phobal na Gaeilge straitéisí soiléire forbartha a chruthú
  • fóram daonlathach ionadaíoch a sholáthar i gcomhair díospóireachta idir dreamanna Gaeilge
  •  

    Ár gCuspóirí

  • eolas ar obair an eagrais, ar bhonn leanúnach, a choinneáil le háisíneachtaí reachtúla, deonacha agus rialtais agus le pobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus níos faide ar shiúl
  • taighde agus forbairt a dhéanamh, i gcomhar leis na háisíneachtaí ábhartha, ar straitéis fhadtréimhseach do phobal na Gaeilge
  • plean gníomhaíochta trí bliana a chruthú a thiocfadh a fheidhmiú láithreach
  • taighde agus staidéar a dhéanamh ar an dóigh le dúnghaois POBAL a leathnú taobh amuigh de Bhéal Feirste
  • Ár mballraíocht
    Tá Pobal ag riar ar phobal Gaeilge 30,000 i mBéal Feirste atá ag síorfhás, agus réimse ball aige ó choistí beaga gan mhaoiniú a fhad le Gaeloiliúint, an scátheagras don oideachas lán-Ghaeilge, a bhfuil baill aige féin ar fud thuaisceart na hÉireann, agus Glór na Gael a cheanglaíonn le dreamanna ar fud na tíre.