
Taighde Uile-oileánda POBAL ar Riachtanais Speisialta Oideachais i Scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar Mheán (2011)
Tá POBAL, eagras abhcóideachta na Gaeilge, i ndiaidh taighde uile-oileánda a fhoilsiú ar riachtanais tacaíochta agus traenála múinteoirí na hearnála i dtaca le páistí le riachtanais speisialta oideachais (RSO) acu. Molann an taighde nua seo, atá déanta ag POBAL le tacaíocht maoinithe COGG, go bhfuil gá le straitéis eolais agus chumarsáide timpeall RSO agus oideachais trí mheán na Gaeilge.
Dúirt an taighdeoir, Caroline Ní Nualláin, "Is léir ón taighde go bhfuil na fadhbanna céanna le sonrú arís is arís eile, mar shampla, easpa oiliúna praiticiúla do mhúinteoirí maidir le dátheangachas / tumoideachas le páistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, easpa treoirlínte chun plean tacaíochta a chur ar fáil do pháistí dátheangacha, easpa áiseanna, go háirithe scéim chéimnithe sa léitheoireacht, agus easpa trialacha caighdeánacha cuí. Sin ráite, tá dul chun cinn déanta le roinnt blianta anuas. Chuir sé iontas orm an méid tograí atá idir lámha ag forbairt acmhainní nua, trialacha cuí, srl. Caithfimid leas a bhaint as an stóras eolais seo, ionas go mbeidh tacaíocht praiticiúla ann do mhúinteoirí ranga agus an soláthar seirbhísí agus iad i mbun oibre. Seo an chéad mholadh."
Seoladh an taighde sa Gresham, Baile Átha Cliath le haoi-chainteoir an Dr. Jean Ware ó Ollscoil Bangor, an Bhreatain Bheag, a thug caint ar ''Squaring the circle: Supporting Bilingual children who have SEN – what do we know and what do we need to know?" i gcomhthéacs an Ghaeloideachais. Seoladh an saothar, le cois, i mBéal Feirste le haoi-chainteoir an Dr Enlli Thomas ó Ollscoil Bangor. Saineolaí í sa Bhreatnais agus in éadáil Breatnaise-Béarla dátheangach, agus tá sí ina ceannaire sa teagasc dátheangach.
Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, "Feicfimid an tábhacht a bhaineann leis an taighde seo. Luíonn sé le ciall go mbeadh tuilleadh comhoibriú uile-oileánda ann ar an ábhar seo. Táimid buíoch de Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) as an dearcadh fadtréimhseach atá acu ag tacú leis an togra seo". - Íoslódáil Tuarisc Anseo
Riachtanais Traenála agus Tacaíochta d'Earnáil na Gaelscolaíochta agus Gaeltachta i dtaca le Páistí a bhfuil Sainriachtanais orthu
Is togra nua taighde é seo atá maoinithe ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. Fásann an togra bliana seo as luaththorthaí taighde a rinne muid idir 2006-8, ar shianraichtanais an pháiste dhátheangaigh (Gaeilge – Béarla). Mar thoradh ar leith amháin, aimsíodh bearnaí sa soláthar atá ar fáil don earnáil ag an am i láthair. Tá laige sa creat oiliúna agus tacaíochta:
Tá 4 chéim sa taighde reatha:
Pobal
Aonad 6
Teach Uí Chorráin
Ionad an Dá Spuaic
155 Sráid Northumberland
Béal Feirste, BT13 2JF
G: 0044-(0)28-9043-8132
F: 0044-(0)28-9024-8667
R-phoist: eolas@pobal.org