
Chuidigh POBAL agus tá muid i mbun cuidiú le cónaitheoirí a chinn gur mhaith leo leaganacha Gaeilge agus Béarla dá sráidainmneacha. Thig leis an phróiseas seo bheith fada agus casta agus thig le POBAL bheith ina chuidiú le grúpaí a chinn ar an cheart seo atá acu a úsáid chun comharthaí sráide sa Ghaeilge a chur in airde nó le grúpaí a thagann ar dheachtrachtaí agus iad ag cur iarratas fríd chóras a gcomhairlí aitiúla. Tá polasaithe ar shráidainmneacha ag comhairlí aitiúla atá ar fáil arna n-iarraidh.
Ná bíodh moill ort dul i dteagmháil le POBAL má tá cuidiú uait.
Pobal
Aonad 6
Teach Uí Chorráin
Ionad an Dá Spuaic
155 Sráid Northumberland
Béal Feirste, BT13 2JF
G: 0044-(0)28-9043-8132
F: 0044-(0)28-9024-8667
R-phoist: eolas@pobal.org