European Charter

An Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh

Is conradh Eorpach (CETS 148) é, An Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, a scríobh Comhairle na hEorpa le cosaint agus cur chun cinn a dhéanamh ó thaobh na dteangacha réigiúnacha agus mionlaigh atá baint stairiúil na hEorpa leo.

Cén tionchar ar an Ghaeilge?

I mí Mhárta 2001, dhaingnigh Rialtas na Breataine 36 foráil den Chairt, mar a bhfuil cur síos ar cad a dhéanfaidh siad chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tháinig an Chairt i bhfeidhm i mí Iúil 2001. Is féidir go bhfuil céim tábhachtach chun tosaigh don Ghaeilge sa Chairt, mar go bhfuil cur síos ann ar phrionsabail ghinearálta agus ghníomhartha áirithe chun aitheantas a thabhairt don Ghaeilge agus úsáid na teanga sa tsochaí a spreagadh. Ag an am chéanna, níl córas daingean ann chun an Chairt a chur i bhfeidhm, múna gcomhlíonfaí na dualgais a bhaineann léi. Cé go bhfuil córas ann chun monatóireacht a dhéanamh ar cur i gcrích na Cairte, tá an chuma ar an chóras seo go bhfuil sé lag go leor. Chomh maith le seo, maidir le haltanna áirithe de Chuid 3 den Chairt, roghnaíodh na forálacha is laige don Ghaeilge ó na cinn a bhí ar fáil. In ainneoin, nó b’fhéidir de bhrí seo, creideann POBAL go bhfuil sé tábhachtach go ndéanann muid monatóireacht leanúnach ar chur i gcrích na Cairte.  Chuige seo, bíonn teagmháil leanúnach ag POBAL le Coiste na Saineolaithe ar an Chairt ag Comhairle na hEorpa.  Déanann muid ár dtorthaí a thuairisciú go foirmeálta leo le linn de gach babhta monatóireachta.

Cad í an Chairt?

Cuireadh an Chairt (a bhfuil stádas coinbhinsiúin aici) le chéile chun teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn. De réir an tsainmhínithe sa Chairt, clúdaíonn sé seo na teangacha dúchasacha ach níl teangacha na mionphobal eitneach nó imirceach i gceist. Tá dá chuid substaintiúil sa Chairt – i gCuid 2, tá cur síos ar na prionsabail ghinearálta ba chóir a bheith mar bhunús do pholasaithe teanga agus i gCuid 3, is féidir teacht ar na forálacha coincréite chun na teangacha ainmnithe a chur chun cinn. Baineann na forálacha seo leis na réimsí seo a leanas:

  • Oideachas
  • Údaráis Bhreithiúnacha
  • Údaráis Riarthacha agus Seirbhísí Poiblí
  • Na Meáin
  • Gníomhaíochtaí agus Saoráidí Cultúrtha
  • Comhaisig Trasteorann

Mar sínitheoirí chuig an Chairt, ainmníonn na Stáit na teangacha a bheidh clúdaithe faoin Chairt agus na teangacha a bheidh curtha isteach faoi Chuid 3 (Baineann Cuid 2 leis na teangacha ainmnithe uile). Mar sin, tá an Ghaeilge agus an Ultais clúdaithe faoi Chuid 2 den Chairt ach baineann Cuid 3 leis an Ghaeilge amháin. I dtaca le Cuid 3, caithfidh na Stáit 35 foráil a roghnú, ar a laghad, do na teangacha áirithe, ó liosta iomlán de 68 foráil.  Mar a luaitear thuas, dhaingnigh Rialtas na Breataine 36 foráil den Ghaeilge.  I 2007, d’fhoilsigh POBAL ár moltaí mionsonraithe maidir le daingniú níos láidre de Chuid 3 na Cairte i leith na Gaeilge.

Íoslódálacha

Íoslódálacha fuaime: Caint ar mholtaí i dtreo dhaingniú Chairt na hEorpa

……………………………………………………………………………………………………………………..

An bhfuil a fhios agat go bhfuil tú i dteideal seirbhísí trí mheán na Gaeilge?

Tá POBAL i mbun feachtais, i gcomhpháirtíocht le Gaeilgeoirí agus le grúpaí Gaeilge, le seirbhísí níos éifeachtaí a bhaint amach do phobal na Gaeilge ónar gcomhairlí áitiúla, ó ranna stáit agus ó roinnt eagras poiblí eile (thíosluaite). Tá Gaeilgeoirí i dteideal na seirbhísí seo faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Is féidir leat litreacha a scríobh agus foirmeacha iarratais a líonadh isteach as Gaeilge , glaonna gutháin a dhéanamh agus labhairt leo as Gaeilge , aistritheoir a iarraidh le linn cruinnithe , roinnt cáipéisí oifigiúla a fháil trí mheán na Gaeilge , úsáid a bhaint as leagan Gaeilge d’ainmneacha pearsanta agus úsáid a bhaint as leagan traidisiúnta de logainmneacha .

Seo roinnt de na háisíneachtaí a bhfuil dualgas orthu faoin Chairt: rannóga rialtais, údaráis áitiúla, boird sláinte, iontaobhais sláinte, boird oideachais agus leabharlann, Comhairle na n-Iarsmalann TÉ, Comhairle na n-Ealaíon TÉ, Comhairle Spóirt TÉ, Uiscebhealaí na hÉireann, Comhairle Tomhaltais TÉ, na coimisiúin chuan, an Feidhmeannas Tithíochta, Comhairle Caidrimh Phobail TÉ, Ioncam Intíre, Seirbhís Cúirte TÉ agus an Bord Turasóireachta TÉ .

Tá POBAL ag iarraidh ar phobal na Gaeilge ar fud an tuaiscirt dul i dteagmháil lena gcomhairlí áitiúla agus le ranna stáit leis na seirbhísí seo a éileamh. Tá liosta litreacha samplacha thíos le híoslódáil a bheas ina gcuidiú leat, chomh maith le cóip de cháipéisí POBAL ‘Bíodh Eolas agat ar do Chuid Ceart’ agus ‘Do Sheoladh as Gaeilge’.

Le hÍoslódáil: litreacha samplacha anseo  Bíodh Eolas agat ar do Chuid Ceart  Do Sheoladh as Gaeilge

Gabh i dteagmháil linn


POBAL
13-3ú urlár
Muileann Abhainn Bheara
81 Bóthar Chluanaí
Béal Feirste BT12 7AE

Teil: 00 44 (0)77 13 630325
R-phoist: eolas@pobal.org

 

Tá POBAL ina chuideachta faoi theorainn ráthaíochta.
Tag. carthanachta XT27908