Na hEalaíona Gaeilge

An ealaíontóir thú? An oibríonn tú san earnáil ealaíon?

Tugann POBAL cuireadh duit do shonraí a chlárú le suíomh ealaíon na Gaeilge nua a bheidh dírithe ar na healaíona Gaeilge. Rinne POBAL iniúchadh ar na healaíona Gaeilge agus fuarthas amach go mbíonn sé deacair go minic do dhaoine ar suim leo ealaíona Gaeilge teacht ar ealaíontóirí nó daoine teicniúla san earnáil le Gaeilge. Tá obair mhór mhaith déanta ar an cheist seo, ach go fóill tá bearnaí san eolas maidir le healaíontóirí Gaeilge. Ba mhaith le POBAL roinnt de na bearnaí seo a dhruidim agus a chur le poiblíocht agus le heolas ar na healaíona Gaeilge.

Líon isteach an fhoirm Anseo

 

Straitéis na nEalaíon Gaeilge 2009-2012

Tá cuid mhór ag tarlú fud fad na hÉireann i dtaca leis na healaíona Gaeilge ach níl comhordú nó deiseanna forbartha san earnáil mar gheall ar easpa chomhordaithe. Dá dheasca sin, ní bhíonn na deiseanna céanna i gcónaí ag ealaíontóirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge. Rinne POBAL comhairliúchán leis an earnáil i 2005. Aimsíodh go raibh deacrachtaí áirithe ag ealaíontóirí agus ag na príomhsholáthraithe, mar a leanas: le maoiniú agus tacaíocht, le bearnaí fostaíochta a aimsiú agus a líonadh, le forbairt ar lucht éisteachta/féachana, le forbairt ar thuilleadh deiseanna oiliúna agus scileanna, le tógáil íomha na healaíona Gaeilge go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Baineadh úsáid as na tosaíochtaí aontaithe fríd an phróiseas comhairliúcháin le straitéis i bhfoirm plean 3 bliana a chur le chéile do na healaíona Gaeilge in nÉirinn.

Ceapadh Cormac Ó Briain, píobaire uillinn aitheanta le blianta fada, mar Chomhordaitheoir na nEalaíon Gaeilge. Tá a lán taithí fhorbartha aige ag eagrú tionscnamh a cháilíonn sé leis an phlean 3 bliana a chur i bhfeidhm. Is mar phíobaire agus ealaíontóir Gaelach a spreag Cormac chun cur isteach don phost agus dár leis, ‘Nuair a chonaic mé an straitéis, d’éirigh liom tógtha mar don chéad uair d’aithin mé sa straitéis dóigh iontach leis an earnáil a chur chun cinn. Is ábhar bróid é dom deis a bheith agam cuidiú lenár n-ealaíontóirí dúchasacha agus comhaimseartha’.

Íoslódail Straitéis Anseo

 

Cuisle an Cheoil – Ceol nua Gaelach ag dul i bhfeabhas

Rinne an pobal Gaelach beart stairiúil an tseachtain seo caite nuair a reachtáil siad an chéad scoil cheoil chomhaimseartha, éascaithe ag POBAL i gColáiste Feirste. D’fhreastail cainteoirí Gaeilge óga ó réimse scoileanna an chéad ‘Cuisle an Cheoil’ agus d’fhoghlaim siad réimse scileanna ó mhúinteoirí a bhfuil taithí ceoil nach beag acu. Mhaoinigh Comhairle Bhéal Feirste an scoil a thairg ranganna máistreachta, ceardlanna gach lá ar scileanna áisiúla le slí bheatha a dhéanamh sa tionscal ceoil. Bhí deis ansin ag na daltaí a scileanna a chleachtadh faoi stiúir ‘Chaoimhín Mhic Giolla Chatháin’, príomh amhránaí leis an tsár-ghrúpa Bréag. Ní amháin gur chuidigh Caoimhín leo bheith ag obair le chéile mar ghrúpaí ach thug sé léideanna iontacha le cuidiú leo seinm os comhair lucht éisteachta.

Dúirt Cormac Ó Briain, Comhordaitheoir na nEalaíon Gaeilge, POBAL, ‘Tá na síolta curtha d’earnáil cheoil chomhaimseartha sa Ghaeilge agus tugann sé dóchas dúinn don todhchaí, daoine óga a fheiceáil chomh tógtha faoin cheol. Tá neart foghlamtha againn ón tseachtain seo agus is cinnte go mbeidh an scoil níos fearr arís an bhliain seo chugainn. Tá a lán féidearthachtaí forbartha ann’.

Fuair an scoil an-tacaíocht ón Phobal ach go háirithe AMPS Studio agus Andersonstown Contemporary and Traditional Music School a chuidigh go mór léi. Ní tharlódh an scoil gan tacaíocht suntasach ó Choláiste Feirste agus thug an fhoireann an-tacaíocht di i rith an ama. Beidh POBAL ag obair amach anseo ag tógáil na hearnála agus tá siad ag dúil go mór leis an chéad scoil eile a bheith ann go bliantúil ón bhliain seo amach agus is cinnte go mbeidh sé greamaithe i bhféilire na muintire ar grá leo Gaeilge agus ceol.

Féach scannán ar Chuisle an Cheoil (déanta ag Meon Eile) Anseo

 

Togra Ealaíon POBAL 2010

Chuir POBAL deiseanna uathúla ar fáil do scoileanna Gaeilge agus mic léinn A’ leibhéal ar fud an tuaiscirt bheith ag obair le scríbhneoirí agus aisteoirí aitheanta ar fud Mhí an Mhárta 2010 ag sraith ceardlanna scéalaíochta agus litríochta. I measc na n-ealaíontóirí a bhí páirteach sa togra, bhí an t-úrscéalaí clúiteach as Co. Fhear Manach Séamas Mac Annaidh. Reáchtáil Séamas ceardlanna i 12 bhunscoil bunaithe ar thaithí taistil s’aige agus ar a shaol mar scríbhneoir agus mar iriseoir, ag baint úsáide as an taithí céanna le cur le scileanna scríbhneoireacht cruthaíochta na ndaltaí. Creideann Séamas go bhfuil ‘an-tábhacht leis an scéalaíocht sa chóras oideachais agus sa saol sóisialta. Bíonn muid uilig ag insint is ag éisteacht le scéalta on chliabhán go dtí an uaigh. Sula raibh aon ríomhaire nó teilifís ann bhí scéalta againn agus beidh go deo. Bainim an-sult as an scéalaíocht. Cluinim scéalta agus mé ag gabhail ó áit go háit agus scaipim na scéalta sin thart agus mé ar mo chamchuairt.’

Thug an cheardlann ‘Breithiúnas’ cuairt ar 8 meánscoil Ghaeilge agus Bhéarla inar dhírigh na dalta isteach ar an dráma Breithiúnas le Maireád Ní Ghráda a cuireadh ar an siollabas A’ leibhéal Gaeilge 2009-2010 sa tuaisceart don chéad uair. Dúirt Janet Muller, ‘don chéad uair tá an dráma casta seo ar an siollabas A’ leibhéal. Níl na múinteoirí róchleachta leis agus chinn POBAL go n-oibreodh muid le healaíontóirí agus le haisteoirí le chuidiú le daltaí ciall na dtéamaí sa dráma a thuiscint, fad is atá siad ag baint suilt as aisteoireacht d’ardchaighdeán agus incur ó ealaíontóirí Gaeilge.’ Reáchtáil Séamas Mac Annaidh na ceardlanna seo le haisteoirí proifisiúnta Mary Ryan agus Dónall Mac Giolla Chóill. Dar le múinteoir Gaeilge Choláiste Naomh Doiminic Andrea Higgins, ‘Is dúshlán mór do dhaltaí A2 í an litríocht agus, ar an drochuair, tá easpa áiseanna amuigh ansin le cuidiú leo. Sílim gur tionscnamh fíorthábhachtach é seo ag Pobal agus tá mé an-bhuíoch díobh go bhfuil siad ag freastal ar an riachtanas sin. Chuir an cheardlann seo deis iontach ar fáil dóibh labhairt ar ghnéithe den dráma le scríbhneoir gairmiúil agus is cinnte go mbeidh tuiscint i bhfad níos fearr acu air i ndiaidh dóibh amharc ar radharcanna áirithe a léireodh os a gcomhair.’

Le linn Togra Ealaíon POBAL 2010 chuir múinteoirí agus daltaí meánscoile ar shúile POBAL an gá le nótaí staidéar ar ‘ Breithiúnas’. Dá thairbhe sin, d’iarr POBAL ar Shéamas Mac Annaidh nótaí staidéir a scríobh do phacáiste CDNótaí Staidéir ar ‘Breithiúnas’ . Cuimsíonn an pacáiste réamhrá ó gharmhac le Máiréad Ní Ghráda Dr. Éamon Ó Ciosáin, léachtóir in Ollscoil na hÉireann Maigh Nuat, le cois MP3 de cheardlann ar an ábhar a bheidh de bhuntáiste sa dóigh go dtabharfar deis éisteacht le radhairc ón dráma, aithriste agus pléite ag an chomhordaitheoir, aisteoirí, múinteoirí agus daltaí. Tá na nótaí ar fáil le híoslódáil thíos agus thig cóip den phacáiste CD a fháil ó POBAL.

Bhí Togra Ealaíon POBAL 2010 á reáchtáil i gcomhar le Comhairle Ealaíon TÉ mar chuid de thogra POBAL ‘TÁ’ a ceapadh chun íomhá dhearfach a ardú don Ghaeilge.

Íoslódálacha:  Nótaí Staidéir ar ‘Breithiúnas’   Pictiúir ó sheoladh Breithiúnas  Amharc ar Ghrianghraif ó Cheardlanna an Togra

 

Ródseó na Gaeilge -Ag baint feidhme as an Ealaín chun an teanga agus cultúr Gaelach a chur chun cinn.

Clár ealaíona fá stiúir POBAL ba é Ródseó na Gaeilge. Cuireadh an Ródseó ar bun i 2004 le tacaíocht ó Chomhairle Ealaíona Thuaisceart Éireann. Ón tús ba iad na rudaí a bhí i gceist ná:

  • Cur le deiseanna do na healaíontóirí Gaeilge a saothar a chur os comhair an phobail mhóir
  • Cur le lucht éisteachta agus féachana do na hEalaíona Gaeilge
  • Comhoibriú le lucht na Gaeilge áitiúil agus le lucht na n-Ealaíona áitiúila
  • Struchtúr inmheánach Gaeilge agus Ealaíon a neartú agus Pobal ag comhoibriú leis na comhairlí áitiúla uilig
  • Níos mó eolais fánár n-oidhreacht chomhroinnte Ghaeilge a scaipeadh i measc an phobail mhóir

Léirithe ar Ródseó na Gaeilge POBAL bhí na healaíontóirí Breandán Ó Beaglaoich, Lasairfhíona Ní Chonaola, Gearóid Mac Lochlainn (file), Eoin Dillon, Pauline Scanlon, Donogh Hennessy, Dónal Ó Connor, Alan Burke, Julie Fowlis, Éamonn Doorley, Noel   Lenaghan, Doiminic Mac Ghiolla Bhríde, Mairéad Ni Mhaonaigh, Ciarán Curran, Séamus Ó Beaglaoich, Eoin Ó Beaglaoich, Mary Ann Kennedy, Maggie Mc Donald, le cois scoth na gceoltóirí óna ceantair a thug an Ródseó cuairt orthu.

Le linn na mblianta beaga seo caite bhí Pobal ag obair le cuid is mó de na comhairlí áitiúla sa Tuaisceart, leis na Gaelscoileanna ar fad, le grúpaí cultúrtha agus le heagraíochtaí eile mar Iomairt Cholmcille.

Íoslódálacha:

Julie Fowlis agus Eamon Doorley ag seinm ‘Port a Beul’ beo ag Ródseó POBAL in Oileán an Ghuail i 2007.  Anseo

Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Curran ag seinm ‘Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’ beo ag Ródseó POBAL in The Clinton Centre, Inis Ceithleann i 2008.   Anseo

 

Cearta & Ceiliuradh

Contact Us

Pobal
Unit 6
Curran House
Twin Spires Centre
155 Northumberland Street
Belfast
BT13 2JF

T: 0044-(0)28-9043-8132
F: 0044-(0)28-9024-8667
Email: eolas@pobal.org