Tá

Thosaigh POBAL togra nua ‘Tá don Ghaeilge’ i Mí na Nollag 2007 mar instealladh fuinnimh agus dóchais do phobal na Gaeilge.  Feachtas spreagúil é a dtig le gach bheith bainteach leis.

Faoin mhanna, ‘ An bhfuil sí beo? An bhfuil sí bríomhar? An bhfuil sí buan? Tá!’, tabharfaidh an togra nua deis do réimse leathan daoine agus eagraíochtaí tacaíocht agus fonn a thaispeáint don Ghaeilge trí chlár leathan d’imeachtaí agus ócáidí. Dúirt Janet Muller, PF le POBAL, ‘Chuaigh muid i dteagmháil le réimse leathan d’eagraíochtaí Gaeilge agus eagraíochtaí Béarla chomh maith le cuireadh a thabhairt dóibh teacht ar bord linn, ócáidí dá gcuid féin a reáchtáil faoi scáth ‘Tá don Ghaeilge’ nó cuidigh linn le himeachtaí a reáchtáil i gcomhair le chéile. Fiú amháin ag an luath phointe seo, fuair muid freagraí iontach dearfach agus tá muid ag dúil le bheith ag obair le scoileanna, le heagraíochtaí pobail, le comhairlí áitiúla, le múinteoirí, le sainghrúpaí eithneacha agus grúpaí eile. Is togra iontach solúbtha é seo agus beidh deis ag gach a bheith rannpháirteach ann agus teachtaireacht dearfach, bríomhar faoin Ghaeilge sa sochaí seo a chur chun cinn. Ar bhonn teoranta, beidh póstear, greamáin, T-léintí agus suaintis ar fáil do grupaí le híomhá na Gaeilge a ardú go haitiúil. Tagaigí ar bord go luath!’

Dúirt Julius Anakaa, Cathaoirleach ar an Afro-Community Support Organisation, ‘It is good that POBAL has taken this initiative to bring people together, recognizing the Irish language as well as other communities that live here. That can only increase and add to the richness of the culture here and make it a better place.’

Dúirt Pritam Sridhar, ‘ ArtsEkta are delighted to be working with Pobal and other Irish language and art organisations. On the “Ta” Project We are committed to the promoting, sharing and teaching of art forms from around the world throughout Northern Ireland.

Arts Etta recognises the fact that Irish art, Language, music and culture plays a major and important role in the lives of so many individuals and groups in the province.   Furthermore, there are many areas of synergie which exist among Irish Art forms/culture and arts from other nations such as Africa, India, Latin America. We have worked to bring artists together form these nations to work together, thus encouraging relationship building, greater understanding and ultimately greater mutual respect. As Northern Ireland becomes increasingly cosmopolitan, the importance of greater respect for all cultures is paramount for a stable and peaceful society.’

Chuir POBAL feachtas ar bun le hainmneacha daoine a thacaíonn le ‘TÁ’! a bhailiú.   Tá tacaíocht faighte againn go dtí seo ó réimse leathán daoine ó gach cearn den tsaol, Jeremy Irons (Aisteoir), Ken Loach (Stiúrthóir scannáin), Edna Ó Brien (Scríobhneoir), Roy Keane agus Niall Quinn (Peileadóirí) ina measc.

Gabh i dteagmháil linn


POBAL
13-3ú urlár
Muileann Abhainn Bheara
81 Bóthar Chluanaí
Béal Feirste BT12 7AE

Teil: 00 44 (0)77 13 630325
R-phoist: eolas@pobal.org

 

Tá POBAL ina chuideachta faoi theorainn ráthaíochta.
Tag. carthanachta XT27908