13/6/11 - Fáiltíonn POBAL roimh thiomantas d'Acht Gaeilge bunaithe ar chearta
Tar éis cruinnithe an tseachtain seo, tá POBAL ag cur fáilte roimh thiomantas an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Caral Ní Chuilín, go gcuirfidh sí moladh faoi bhráid an Tionóil d'Acht Gaeilge. Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL,' Is léir d' Aire Ní Chuilín tábhacht an ghealltanais a tugadh ag Cill Rímhinn d 'Acht Gaeilge. Áitíonn POBAL uirthi, áfach, le cinntiú go léiríonn na moltaí le haghaidh Acht Gaeilge an tsamhail aontaithe atá ag an phobal cheana féin le haghaidh Acht Gaeilge cuimsitheach láidir, bunaithe ar chearta. D'fhéadfadh go mbeadh a lán céimeanna romhainn sula mbaintear Acht amach agus luigh muid ar an Aire nach dtabharfadh reachtaíocht lag na torthaí gur gá leis an teanga sa Tuaisceart. Is é léamh s'againne, ar an phlé, go n-aontaíonn an tAire linn nach mór go ndéanann gach gníomhaíocht arna déanamh anois cinnte go gcuirtear ceist na reachtaíochta cuí chun tosaigh. Thug POBAL toscaireacht Ghaeilge go Westminster le déanaí chun stocaireacht a dhéanamh ar Acht Gaeilge. Lean Janet Muller, 'Tuigeann an tAire gur gá cinntiú nach féidir le haontachtaithe leanúint le crosa a úsáid le cosc a chur ar reachtaíocht, agus tá sé ar intinn againn brú a choinneáil ar rialtas na Breataine a thiomantas d'Acht na Gaeilge a chomhlíonadh. Tá muid ag dúil, chomh maith, le bualadh le hairí rialtas na hÉireann go luath chun plé a dhéanamh ar a gcuid tacaíochta.' Chuir an scátheagras fáilte, le cois, roimh an ráiteas ó Charal Ní Chuilín go dtabharfadh sí straitéis ar leith is teach sa Tionól d'fhorbairt na Gaeilge. Dúirt Janet Muller, 'Tá POBAL ag obair ar straitéis mar seo le roinnt ama anois le hionadaithe ó Ollscoil na Ríona, Ollscoil Uladh agus Coláiste Ollscoile Naomh Muire, agus le grúpaí ó na meáin Ghaeilge agus oideachas agus ealaíon na Gaeilge. Chuir an tAire in iúl go bhfeiceann sí acmhainneacht san obair seo le heolas a scaipeadh agus breisluach a thabhairt don straitéis.' An tseachtain seo chugainn, beidh an grúpa comhairleach fiontraíochta ag bualadh leis an Aire Oideachais nua, Seán Ó Dowd.
Pobal
Aonad 6
Teach Uí Chorráin
Ionad an Dá Spuaic
155 Sráid Northumberland
Béal Feirste, BT13 2JF
G: 0044-(0)28-9043-8132
F: 0044-(0)28-9024-8667
R-phoist: eolas@pobal.org