News

Tionchar POBAL le feiceáil go soiléir – acht láidir de dhíth


Dúirt POBAL, eagras neamhspleách abhcóideachta na Gaeilge go bhfuil tionchar na moltaí reachtaíochta POBAL le feiceáil go soiléir sa cháipéis atá curtha amach inniu ag Chonradh na Gaeilge faoin Acht ó thuaidh. Dúirt Janet Muller, Stiúrthóir POBAL, ‘Is cóir agus is fiú aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag POBAL thar na blianta ar an cheist seo, mar go bhfuil na moltaí atá foilsithe againn comhaontaithe le pobal na Gaeilge abhus agus bunaithe ar chomhairle ó roinnt do na saineolaithe is mó iomrá orthu ó thaobh dlí agus teanga. Sin is cúis leis an bhéim a chur POBAL i dtólamh ar chearta rathaithe a chruthú san acht. Faoi láthair, tá deis ar leith ann deireadh a chur leis an mhoilleadóireacht seicteach a chuir bac le reachtaíocht don teanga le deich mbliain anuas. Is cóir do phobal na Gaeilge an deis a thapaigh le teachtaireacht iontach láidir a chur faoi bhráid na bpolaiteoirí nach leor acht lag, mí-éifeachtach, agus nach leithscéal é costais an achta. Mar a dúirt POBAL arís is arís eile thar na blianta, ní saoránaigh dara grad muid. Níor caitheamh ach pingineacha ar an Ghaeilge ó thuaidh le beagnach 100 bliain anuas. Is mithid an scéal sin a athrú agus ár gceart a fháil.’

 


Gabh i dteagmháil linn


POBAL
13-3ú urlár
Muileann Abhainn Bheara
81 Bóthar Chluanaí
Béal Feirste BT12 7AE

Teil: 00 44 (0)77 13 630325
R-phoist: eolas@pobal.org

 

Tá POBAL ina chuideachta faoi theorainn ráthaíochta.
Tag. carthanachta XT27908