News

Pointí POBAL ag eascairt as doiciméad 13 leathanach, ‘Draft Agreement Text’, dar dáta 9.2.18


Pointí ag eascairt as doiciméad 13 leathanach, ‘Draft Agreement Text’, dar dáta 9.2.18

1. Tagraítear do 3 phíosa reachtaíochta sa doiciméad; bille Gaeilge, bille Albainis Uladh
agus bille ‘measa agus éagsúlachta’. Creideann POBAL go bhfuil gach teanga agus
canúint i dteideal measa. Ní hionann cúinsí agus riachtanais gach teanga, áfach
agus ní ar leas na Gaeilge í a bheith ceangailte le hAlbainis Uladh, ná le teanga ná
cultúr eile. Tá sé doiléir a rá cad é an tionchar a bheadh ag na 3 bhille seo ar a
chéile, nó cad é an cruth a bheadh ar an reachtaíocht sa deireadh thiar.
2. Ní mór do Acht na Gaeilge an Ghaeilge a aithint mar theanga oifigiúil de chuid
Thuaisceart na hÉireann ach tá doiléireacht san fhoclaíocht sa ‘Draft Agreement’ faoi
seo ag mír 2.3 i) (‘The Irish {Respecting Languages and Diversity Bill} will include
clauses dealing with the following: Official recognition of the status of the Irish
language in Northern Ireland’). Níl sé soiléir gurb ionann ‘official recognition of the
status of Irish’ agus an Ghaeilge a aithint mar theanga oifigiúil.
3. Ní mór don Acht a bheith bunaithe ar chur chuige atá bunaithe ar chearta. Faraor, ní
chruthaíonn na míreanna sa ‘Draft Agreement’ cearta ar bith do phobal na Gaeilge.
4. Le cearta a chruthú, bheadh ar an acht féin líon agus raon suntasach de chearta
ráthaithe a chruthú sna forais pholaitiúla, sna húdaráis áitiúla, i riar na córa, sna
seirbhísí poiblí agus i réimsí na fostaíochta, an oideachais agus na meán
cumarsáide.
5. Ní mór dó cur síos ar na seirbhísí Gaeilge is éigean don rialtas agus d’fhorais phoiblí
a sholáthar agus ar an achar ama a bhainfidh sé astu na seirbhísí seo a chur i
bhfeidhm. Ina áit sin, cuireann mír 2.3 ii) sa ‘Draft Agreement’, béim ar chruthú oifig
an Choimisinéara Gaeilge amháin, agus níl sonraí leagtha síos faoi cad é a bheadh
sna ‘Caighdeáin Dea-Chleachtais’ a dtagraítear dóibh.
6. Ina áit sin, de réir mhír 2.3 iii) titfidh sé ar an Choimisinéir na ‘Caighdeáin DeaChleachtais’ a ‘thabhairt isteach’ in áit iad a dhaingniú i reachtaíocht agus mar sin, is
léir nach mbeadh iontu ach moltaí.

7. Bheadh na ‘Caighdeáin Dea-Chleachtais’ le haontú i ndiaidh comhairliúchán poiblí, agus a aontú ansin leis an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire. Ciallaíonn sé seo go mbeadh sé de chumhacht go fóill ag an chóras polaitíochta ag Stormont bac a chur ar chosaint na Gaeilge.

8. Déantar cur síos sa doiciméad ar ról ‘dúbailte’ a bheith ag an Choimisinéir – na ‘Caighdeáin’ a aontú le comhlachtaí poiblí agus rialtais agus ansin ról póilíneachta a imirt. Léiríonn taithí na Breataine Bige nach bhfuil an ról ‘dúbailte’ seo éifeachtach.

9. Tá imní orainn faoi roinnt fo-mhíreanna faoi 2.2 (‘bunprionsabail’).

 

–           ag fophointe 1, tagraítear do ‘mhianta agus íogaireachtaí an phobail.’ Tá contúirt ann i dTuaisceart na hÉireann, go mbainfí mí-úsáid as ‘íogaireachtaí’ an phobail aontachtaigh le bac a chur ar fhorbairtí don Ghaeilge

–           ag fophointe 4, tagraítear do ‘due regard to economy and efficiency’ agus arís tá baol ann go mbainfí mí-úsáid as an choincheap seo

–           ag fophointe 5, tagraítear do ‘interdependence’ i dtaca le polasaithe cultúrtha. Tá baol ann go mbainfí mí-úsáid as an choincheap seo leis an Ghaeilge a cheangal le hAlbainis Uladh ar bhealach nach ar leas ceachtar den dá theanga é.

10. Ag mír 2.2 ii) tagraítear d’aisghairm Acht 1737 um Riar an Cheartais (Teanga) (Éire). D’fháilteodh muid roimh aisghairm an achta, ach sa doiciméad, tagraítear d’éascú úsáid na Gaeilge (agus teangacha eile) ‘when deemed necessary by the courts.’ Ní mór d’acht na Gaeilge líon agus raon suntasach de chearta ráthaithe a chruthú i riar an cheartais, in áit úsáid na Gaeilge a fhágáil ag na cúirteanna féin.

Conclúid

Creideann POBAL go bhfuil an eiseamláir reachtaíochta atá leagtha amach sa ‘Draft Agreement’ lochtach agus easnamhach. Ba dhroch-bhunús é d’Acht Gaeilge TÉ agus molaimid gur cheart filleadh ar mholtaí POBAL atá sa doiciméad ‘Acht na Gaeilge TÉ Eisiúint II’.

 


Gabh i dteagmháil linn


POBAL
13-3ú urlár
Muileann Abhainn Bheara
81 Bóthar Chluanaí
Béal Feirste BT12 7AE

Teil: 00 44 (0)77 13 630325
R-phoist: eolas@pobal.org

 

Tá POBAL ina chuideachta faoi theorainn ráthaíochta.
Tag. carthanachta XT27908