News

Lainseáil tuairisc taighde POBAL- Eispéireas na nIar-dhaltaí de chuid an Ghaeloideachais i mBéal Feirste ar Bhreisoideachas, agus ar Ardoideachas, ar Thraenáil agus ar Fhostaíocht – 1970aidí – an lá inniu.


Déardaoin 10 Bealtaine ar 10.30 i gColáiste Feirste, sheol POBAL, eagras neamhspleách abhcóideachta a thuairisc taighde nua, Eispéireas na nIar-dhaltaí de chuid an Ghaeloideachais i mBéal Feirste ar Bhreisoideachas, agus ar Ardoideachas, ar Thraenáil agus ar Fhostaíocht – 1970aidí – an lá inniu.

D’oscail Garaí Mac Roibeaird, Príomhoide Choláiste Feirste an ócáid, agus ar na haoi chainteoirí bhí Liam Ó Flannagáin, PF Chomhairle na Gaelscolaíochta agus Eibhlín Mhic Aoidh, Léachtóir Sinséarach san Oideachas ó Choláiste na hOllscoile Naomh Muire.

Dúirt Janet Muller, Stiúrthóir POBAL, ‘Tá ganntanas sonraí bunlíne ar fáil i dtaca le hoideachas, traenáil agus stádas fostaíochta iardhaltaí de chuid an Ghaeloideachais i mBéal Feirste (agus in áiteanna eile), cé go bhfuil sé anois 45 bliana ó osclaíodh doirse an chéad bhunscoile, Bunscoil Phobail Feirste. Tá an taighde seo á mhaoiniú ag Comhairle Bhéal Feirste faoina chlár Acmhainniú an Phobail, agus cuirfidh sé áis thábhachtach eolais ar fáil d’oideachasóirí, d’áisíneachtaí stáit, do ghrúpaí Gaeilge, do sholáthróirí traenála agus daoine nach iad. Cuideoidh sé le hacmhainniú an phobail agus le neartú na hoibre leanúnaí atá ar siúl, deiseanna le réamhphleanáil a dhéanamh, leis an mhargadh fostaíochta a fhorbairt agus le cumas a mheaitseáil le riachtanais fostaíochta uilig san áireamh.’

Lean sí , ‘Mothaítear meon an chumais agus na muiníne ó chuid mhaith freagraí an taighde. Dá ainneoin sin, tá tuiscint an imeallaithe agus an eisiata ón phobal i gcoitinne.  Sa tátail taighde, cuirtear béim ar bhuarthaí na bhfreagróirí faoin easpa cosanta reachtaíochta atá ann don teanga agus faoi ghanntanas agus dhofheictheachta na seirbhísí trí Ghaeilge go háitiúil.’

Torthaí sonracha an taighde:

* Tá éileamh thar na bearta ó fhreagróirí ar thuilleadh seirbhísí agus ar thuilleadh tacaíochta do phobal na Gaeilge, ina theannta sin, éilíonn siad ‘normálú’ na teanga sa saol poiblí trí reachtaíocht, infheictheacht níos suntasaí, agus forbairt ar sheirbhísí nua feabhsaithe.

* Cé nach féidir brath ar na cóid phoist amháin mar chomhartha ar réimse iomlán na gcúinsí socheacnamaíochta, chónaigh a lán iardhaltaí de chuid an Ghaeloideachais le 45 bliana anuas i gceantair aitheanta an il-anáis. Dár ndóigh, tá na Gaelscoileanna féin ar fad lonnaithe ina leithéid de cheantar.

* Léiríonn freagróirí réimse leathan de thaithí fostaíochta. Nochtann ár dtaighde gairmithe, státseirbhísigh, riarthóirí, miondíoltóirí, ealaíontóirí, speisialtóirí san eolas digiteach agus teicneolaíochta, oibrithe óige, múinteoirí, oibrithe san earnáil aíochta, gairmithe sláinte agus srl. Tá ardchéatadán d’oideachas Tríú Leibhéal agus cáilíochtaí i réimse leathan speisialtóireachta agus gnéithe an tsaoil.

* Faoi láthair, tá formhór na bhfreagróirí (51.6%) in ionaid oibre ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga na láithreach oibre. Dúirt siadsan, mar aon le roinnt den 40% nach n-oibríonn den chuid is mó i dtimpeallacht Ghaeilge, go n-úsáideann siad an teanga le comhghleacaithe (84.4%), bainisteoirí (58.3%), úinéirí comhlachta (28.9%), custaiméirí (68%) agus grúpaí Gaeilge (71.1%).  Léiríonn sé seo ní amháin go mbíonn iardhaltaí de chuid an Ghaeloideachais ag baint ard-úsáid go leanúnach as an Ghaeilge san áit oibre, ach ina theannta sin, tugann sé blaiseadh de na deiseanna forleathana atá ann do dhaoine agus iad i mbun gnó ó lá go lá, teacht i dteagmháil leis an Ghaeilge.

*           Níl úsáid na Gaeilge i measc na bhfreagróirí teoranta go dtí an láthair oibre, áfach. D’fhiosraigh muid ar úsáid na freagróirí an teanga go minic nó go hannamh ina saol pearsanta féin. Dúirt 94% go n-úsáideann. Chuir céatadán iontach ard (86.6%) go n-úsáideann siad í le cairde, ar na meáin shóisialta (69.1%) agus lena gcuid páistí (41.6%) nó lena dtuismitheoirí (44.3%).

Dúirt Janet, ‘Níl amhras ar bith ann ach go gcuireann an Ghaeilge le beocht na cathrach seo agus go dtugann an fhírinne seo deiseanna do Chomhairle Bhéal Feirste  agus dreamanna eile nach í, le cur le forbairt tionscnamh, beartas, agus dea-chleachtas a dtacaíonn réimse iomlán de sheirbhísí agus do sholáthar don phobal ar fad, pobal na Gaeilge san áireamh.’

Gheobhaidh tú an tuairisc ar an nasc thíos:

2018 Breisoideachas, Ardoideachas, Traeáil agus Fostaíocht Eis 1

 

 


Gabh i dteagmháil linn


POBAL
13-3ú urlár
Muileann Abhainn Bheara
81 Bóthar Chluanaí
Béal Feirste BT12 7AE

Teil: 00 44 (0)77 13 630325
R-phoist: eolas@pobal.org

 

Tá POBAL ina chuideachta faoi theorainn ráthaíochta.
Tag. carthanachta XT27908