News

An tOllamh Colin Williams – An Fáth a Thacaím le moltaí POBAL don Acht – Cuid 2


An tOllamh Colin Williams

Is le tríocha bliain anuas atá an tOllamh Colin Williams (Comhalta de Chumann Ríoga na nEalaíon) gníomhach i gcur chun cinn chearta an mhionlaigh. Tá sé ina Ollamh Taighde i Scoil na Breatnaise, Ollscoil Chaerdydd, ina Ollamh Taca sa Roinn Tíreolaíochta, Ollscoil Iarthar Ontario agus ina Ollamh Oinigh sa Léann Cheilteach, Ollscoil Obar Dheathainn agus Ollscoil na nGarbhchríoch agus na nOileán.

 Ábharthacht don chainteoir
Don chainteoir féin is gnách gurb iad an dá cheart teanga is bunúsaí an ceart le cuid dá (h)oideachas reachtúil a fháil sa teanga mháthartha nó sa rogha-theanga, agus an ceart le seirbhísí áirithe poiblí a fháil i dteanga ainmnithe. Is iad trí chuaille chaomhnú teanga, an teaghlach agus an pobal, an córas oideachais agus an stát áitiúil. Nuair a ghníomhaíonn siad triúr i gcomhar leis an teanga is ísle úsáid a dhaingniú, is cinnte gur mó i bhfad a thig an teanga sin a neartú san fhadtréimhse agus páirt phoiblí áisiúil sa tsochaí a fháil don teanga. Nuair is lag é ceann amháin nó níos mó de na cuaillí taca seo is baol do bheocht fhadtréimhseach na teanga. I sochaithe forbartha, glactar anois leis go bhfuil reachtaíocht teanga ina nasc riachtanach leis na cuaillí seo lena chinntiú, nó lena éascú cibé, go n-úsáidfear an teanga ar a ndéantaí leatrom, i limistéir úra. Féadann creat dlí báúil cás socheacnamaíoch cainteoirí teangacha neamhfhorleathana a fheabhsú trína chinntiú go mbíonn deiseanna méadaithe acu leis an teanga is rogha acu a chleachtadh i sainchomhthéacsanna. Maidir leis sin, tig an dlí a fheiceáil ina uirlis chumasaithe. Agus iad ceangailte le beartas sóisialta forásach, tig le cearta teanga agus pleananna reachtúla teanga difear suntasach a dhéanamh do dhearbhúsáid agus mar sin, d’ábharthacht chothú an dátheangachais sa phobal.

Do na cainteoirí féin is é an dóigh is tairbhí le cumas sa sprioctheanga a mhéadú, go bhfaigheadh duine méid suntasach dá oideachas foirmiúil i dtimpeallacht dhátheangach nó ilteangach. Ach, tá claonadh coiteann ann glacadh leis gurb é an t-oideachas aonteangach an gnás tríd an domhan. Faoina lán dálaí nuair a chothaítear oideachas aonteangach nó ilteangach is minic a tharlaíonn sin cionn is go bhfuil beartas an rialtais agus curaclam na scoile araon dírithe ar líofacht a bhaint amach sa teanga is rogha leis an stát. Sa chás sin is riachtanas éigeantach oideachas sa mháthairtheanga nó sa teanga mhionlaigh chun lánchumas a bhaint amach i dteanga cheannasach an stáit. Is minic a ghéilleann luathoideachas sa mháthairtheanga d’oideachas i dteanga an stáit agus an páiste ag gabháil trí chóras na scoile. ‘Dátheangachas laghdaithe’ a thugann teangeolaithe ar an chlaonadh seo nó is beagnach dosheachanta go mbeidh an chéad teanga ina droichead a fhad le lánchumas sa dara teanga nó sa sprioctheanga. Ach, is rogha bheartas eile é ‘dátheangachas breisithe’, mar a gcothaítear dhá theanga agus a gcaitear leo mar eilimintí gaolmhara i bhforbairt chognaíoch, shóisialta agus oideachasúil an pháiste. Is é an dara cineál dátheangachais seo an rogha i dTuaisceart na hÉireann, in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i bPoblacht na hÉireann.

Áitíonn cosantóirí an dátheangachais sa tsochaí agus san oideachas fhoirmiúil go bhfuil roinnt buntáistí ar de thréithe bhunús na gcásanna iad. Orthu sin bheadh:-

  • Buntáistí cognaíocha – bíonn claonadh i bpáistí dátheangacha smaoineamh níos cruthaithí agus solúbtha cionn is go mbíonn níos mó ná focal amháin acu ar gach rud agus coincheap
  • Buntáistí oideachasúla – léiríonn fianaise taighde ó thíortha éagsúla (Ceanada, SAM, Tír na mBascach, an Chatalóin agus an Bhreatain Bheag) gur nós le páistí dátheangacha déanamh níos fearr sa churaclam agus go n-éiríonn leo beagán níos fearr i scrúduithe
  • Buntáistí eacnamaíocha – tairgeann dhá theanga réimse níos leithne deiseanna fostaíochta; tá a lán post anois ann a éilíonn scileanna dátheangacha
  • Buntáistí sóisialta agus cultúrtha – tagann labhairt an dá theanga a fhad le réimse níos leithne gníomhaíochtaí sóisialta agus le rochtain dhá chultúr
  • Níos fusa an tríú teanga a fhoghlaim – tá an fhianaise ag fás ó thaighde Eorpach gurbh fhusa go minic le páistí dátheangacha teangacha eile a fhoghlaim

(Sliocht ó doiciméid POBAL, Acht na Gaeilge Eis 11)

 


Gabh i dteagmháil linn


POBAL
13-3ú urlár
Muileann Abhainn Bheara
81 Bóthar Chluanaí
Béal Feirste BT12 7AE

Teil: 00 44 (0)77 13 630325
R-phoist: eolas@pobal.org

 

Tá POBAL ina chuideachta faoi theorainn ráthaíochta.
Tag. carthanachta XT27908