
“Forbairt na Gaeilge a sheoladh isteach i sochaí úr iomlánaithe.”
Bunaíodh POBAL i mí Eanáir 1998. Páirtíocht ionadaíoch é POBAL, a thugann treoir straitéiseach agus a chuireann ar fáil fóram daonlathach do na dreamanna a chruthaigh tionscadail rathúla shóisialta, gheilleagracha, ealaíonta agus oideachasúla do phobal na Gaeilge i dtuaisceart na hÉireann. Tá POBAL ann le leas an phobail Gaelaigh agus leas ár mballraíochta a chur chun cinn. Tá dhá ghné den obair s’againne: abhcóideacht (Acht na Gaeilge TÉ san áireamh) agus tacaíocht straitéiseach dár mballraíocht. Chomh maith leis seo, reáchtálaíonn muid Ród Seó na nEalaíon gach bliain agus tá muid i mbun taighde ar Shainriachtanais an Pháiste Dhátheangach ó 0-18 mbliain.
Pobal
Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich
216 Bóthar na bhFál
Béal Feirste
BT12 6AH
G: 0044-(0)28-9043-8132
F: 0044-(0)28-9024-8667
R-phoist: eolas@pobal.org