
Is conradh Eorpach (CETS 148) é, An Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, a scríobh Comhairle na hEorpa le cosaint agus cur chun cinn a dhéanamh ó thaobh na dteangacha réigiúnacha agus mionlaigh atá baint stairiúil na hEorpa leo.
I mí Mhárta 2001, dhaingnigh Rialtas na Breataine 36 foráil den Chairt, mar a bhfuil cur síos ar cad a dhéanfaidh siad chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tháinig an Chairt i bhfeidhm i mí Iúil 2001. Is féidir go bhfuil céim tábhachtach chun tosaigh don Ghaeilge sa Chairt, mar go bhfuil cur síos ann ar phrionsabail ghinearálta agus ghníomhartha áirithe chun aitheantas a thabhairt don Ghaeilge agus úsáid na teanga sa tsochaí a spreagadh. Ag an am chéanna, níl córas daingean ann chun an Chairt a chur i bhfeidhm, múna gcomhlíonfaí na dualgais a bhaineann léi. Cé go bhfuil córas ann chun monatóireacht a dhéanamh ar cur i gcrích na Cairte, tá an chuma ar an chóras seo go bhfuil sé lag go leor. Chomh maith le seo, maidir le haltanna áirithe de Chuid 3 den Chairt, roghnaíodh na forálacha is laige don Ghaeilge ó na cinn a bhí ar fáil. In ainneoin, nó b’fhéidir de bhrí seo, creideann POBAL go bhfuil sé tábhachtach go ndéanann muid monatóireacht leanúnach ar chur i gcrích na Cairte. Chuige seo, bíonn teagmháil leanúnach ag POBAL le Coiste na Saineolaithe ar an Chairt ag Comhairle na hEorpa. Déanann muid ár dtorthaí a thuairisciú go foirmeálta leo le linn de gach babhta monatóireachta.
Cuireadh an Chairt (a bhfuil stádas coinbhinsiúin aici) le chéile chun teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn. De réir an tsainmhínithe sa Chairt, clúdaíonn sé seo na teangacha dúchasacha ach níl teangacha na mionphobal eitneach nó imirceach i gceist. Tá dá chuid substaintiúil sa Chairt – i gCuid 2, tá cur síos ar na prionsabail ghinearálta ba chóir a bheith mar bhunús do pholasaithe teanga agus i gCuid 3, is féidir teacht ar na forálacha coincréite chun na teangacha ainmnithe a chur chun cinn. Baineann na forálacha seo leis na réimsí seo a leanas:
Mar sínitheoirí chuig an Chairt, ainmníonn na Stáit na teangacha a bheidh clúdaithe faoin Chairt agus na teangacha a bheidh curtha isteach faoi Chuid 3 (Baineann Cuid 2 leis na teangacha ainmnithe uile). Mar sin, tá an Ghaeilge agus an Ultais clúdaithe faoi Chuid 2 den Chairt ach baineann Cuid 3 leis an Ghaeilge amháin. I dtaca le Cuid 3, caithfidh na Stáit 35 foráil a roghnú, ar a laghad, do na teangacha áirithe, ó liosta iomlán de 68 foráil. Mar a luaitear thuas, dhaingnigh Rialtas na Breataine 36 foráil den Ghaeilge. I 2007, d’fhoilsigh POBAL ár moltaí mionsonraithe maidir le daingniú níos láidre de Chuid 3 na Cairte i leith na Gaeilge.
Pobal
Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich
216 Bóthar na bhFál
Béal Feirste
BT12 6AH
G: 0044-(0)28-9043-8132
F: 0044-(0)28-9024-8667
R-phoist: eolas@pobal.org