
Tá POBAL ag díriú ar cheist Acht na Gaeilge TÉ ó bhí 2003 ann. D’éirigh linn tacaíocht gan réamhshampla a mhealladh chugainn le comhairle a chur orainn maidir le samhail reachtaíochta a chuirfeadh san áireamh cuinsí ar leith na Gaeilge ó thuaidh chomh maith leis an chleactas is fearr idirnáisiúnta. Ar na saineolaithe seo, bhí Robert Dunbar (Ollscoil Obar Dheathainn), Wilson McLeod (Ollscoil Dhún Éideann), Colin Williams (Ollscoil Chaerdydd) agus Fernand de Varennes (Ollscoil Murdock, an Astráil).
I ndiaidh chomhdháil idirnáisiúnta i Mí na Samhna 2004, d’fhoilsigh POBAL dréachtmholtaí reachtaíochta agus reachtáil muid próiseas comhairliúcháin iomlán ar na moltaí a mhair ó Mhí Aibreáin go Mí Dheireadh Fómhair 2005. Bhí cruinnithe poiblí againn i mBéal Feirste, i nDoire, ar an Srath Bán, ar an Ómaigh, i nIúr Chinn Trá agus i bhFear Manach. Bhí cruinnithe chomh maith dírithe ar earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidh. D’eagraígh muid cruinnithe comhairliúcháin le heagraíochtaí Gaeilge thuaidh agus theas, le heagrais um chearta daonna, le ceardchumainn agus le páirtithe polaitiúla ó thuaidh.
Rinne muid na moltaí comhaontaithe le linn an phróisis seo a foilsíodh i Mí Feabhra 2006. Sheol Maurice Hayes, Séanadóir, iar-ombudsman TÉ agus iar-státseirbhísí sinsearach TÉ an cáipéis, Acht na Gaeilge TÉ / The Irish Language Act NI.
Agus Grúpa Comhordaithe ar Acht na Gaeilge bunaithe againn, d’éirigh linn comhoibriú a chothú agus samhail soiléir, comhaontaithe amháin a chur chun tosaigh maidir le hAcht na Gaeilge. D’ardaigh POBAL íomhá na Gaeilge go suntasach agus chuir muid ceist Acht na Gaeilge ar an chlár polaítíochta thuaidh agus theas.
I Mí Dheireadh Fómhair 2006, ocht mhí i ndiaidh dúinn ár ndoiciméad Acht na Gaeilge TÉ a fhoilsiú, d’fhógair Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine Comhaontú Chill Rímhinn, mar thoradh ar chainteanna polaitiúla dírithe ar athbhunú Tionól chineachta TÉ ( bhí an Tionól ar fionraí ó bhí 2002 ann). Sa chomhaontú, tugann Rialtas na Breataine an gealltanas seo a leanas:
“The Government will introduce an Irish Language Act reflecting on the experience of Wales and Ireland and work with the incoming Executive to enhance and protect the development of the Irish Language.”
I Mí na Nollag 2006, d’fhoilisigh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta cáipéis chomhairliúcháin a rinne cur síos ar 4 shamhail reachtaíochta, moltaí POBAL san áireamh. Thug POBAL faoi eolas agus comhairle a roinnt le grúpaí Gaeilge agus leis an chomhphobal go ginearálta maidir le hAcht na Gaeilge agus spreag muid daoine le tuairimí agus freagraí a chur chuig an Roinn. Tháinig na mílte daoine amach ar na sráideanna le tacú linne agus le reachtaíocht chun an teanga a chosaint. Nuair a chríochnaigh an próiseas comhairliúcháin, d’admhaigh an Roinn go bhfuair sí 5000 ainm ag tacú le moltaí POBAL ar achainí éagsúla, chomh maith le 668 aighneachtaí scríofa.
Dúirt an Roinn gur léirigh líon na bhfreagraí suim as cuimse an phobail sa cheist, agus tacaíocht iontach laidir do na moltaí POBAL:
Astu siúd a chuir freagra isteach, bhí tromlach thar na bearta (93%) ar son reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach; agus bhí mionlach beag daoine nár aontaigh leis an mholadh ar chor ar bith. Luaigh na daoine a bhí ina éadan (7%) cúrsaí costais agus d’aithin siad go mbeadh reachtaíocht ina ábhar deighilte go polaitiúil.
(DCAL 13th March 2007: 6)
Chinn Rialtas na Breataine gan an reachtaíocht a thabhairt isteach roimh athbhunú an Tionóil. D’fhógair sé an dara próiseas comhairliúcháin agus dúirt sé go mbeadh an Tionól freagrach as seo amach do chúrsaí Gaeilge. Dúirt an pairtí aontachtach is mó, an Democratic Unionist Party faoi cheannasaí Ian Paisley, go raibh sé in éadan na reachtaíochta agus nach dtabharfadh sé isteach í.
Ó athbhunaíodh Tionól TÉ, tá ionsaithe leanúnacha ar an Ghaeilge agus ar an reachtaíocht a gheall Rialtas na Breataine. Níor éirigh POBAL as obair leanúnach cheannródaíoch ar an cheist seo. I Mí Dheireadh Fómhair 2008, dhá bhliain i ndiaidh gur tugadh ghealltanas ag Cill Rímhinn, reáchtáil POBAL agus a Ghrúpa comhordaithe mórshiúlta ó thrí cheantar éagsúil go lár Bhéal Feirste le hAcht na Gaeilge a éileamh. Tháinig na mílte daoine amach arís d’ócáid bheo bhríomhar.
Leanfaidh muid linn!
Cóip de cháipéis Acht na Gaeilge ar fáil > Gliogáil anseo
Pobal
Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich
216 Bóthar na bhFál
Béal Feirste
BT12 6AH
G: 0044-(0)28-9043-8132
F: 0044-(0)28-9024-8667
R-phoist: eolas@pobal.org