Nuacht is Déanaí

16.5.12 - Ardaigh tábhacht le TG4 i gcomhairliúchán poiblí ar an lasc aistriú digiteach

Mar is eol daoibh, beidh seirbhísí teilifíse ag athrú ó thuaidh teacht an Fhómhair. Seo chugaibh treoir maidir le lasc aistriú na seirbhíse seo. Chomh maith, seo roinnt eolais atá curtha ar fáil dúinn ag TG4, maidir le Saorview: Beidh an trealamh céanna díreach i gceist d'iompar TG4 ar Freeview ó Dheireadh Fómhair 2012 is a bheidh ag teastáil chun cainéil teilifíse RTÉ a ghlacadh ar Freeview (beidh ar do chumas an trí chainéal a fháil nó ní bheidh ceann ar bith acu agat) agus: Is ar chaighdeán SD (gnáthghléine) a chraolfar an trí chainéal ach is bosca ar chaighdeán HD (ardghléine) a bheith ag teastáil sa Tuaisceart más áil leat na cainéil a ghlacadh ar Freeview ó na crainn chraolta sa tuaisceart.  Maidir le huimhir na gcainéal a thabharfar do TG4 ar Freeview, tá comhairliúchán poiblí ar bun faoi uimhriú iomlán na gcainéal. Iarrtar ar gach duine litir a chur chuig: Logical Channel Numbering (LCN) Consultation, DMOL, 22 Percy Street, London W1T 2BU, nó consultation@dmol.co.uk chomh luath agus is féidir, agus na pointí seo a leanas a dhéanamh: 1. go n-amharcann tú go rialta ar TG4 agus go bhfuil sé tábhachtach duit, 2.  teacht an lascaistriú go seirbhís digiteach, beidh TG4 ar fáil ar Saorview, 3. tá sé thar a bheith tábhachtach uimhir singil a thabhairt do TG4 teacht an lasc aistrithe, díreach mar a bheas ag SC4 sa Bhreatain Bheag agus ag BBC Alba in Alban teacht an lasc aistrithe.       Íoslódáil bileog eolais as Gaeilge ar an lasc aistriú anseo

26.4.12 - An bhfuil a fhios agat go bhfuil tú i dteideal seirbhísí trí mheán na Gaeilge ón earnáil phoiblí agus áisíneachtaí rialtais?

Tá POBAL i mbun feachtais, i gcomhpháirtíocht le Gaeilgeoirí agus le grúpaí Gaeilge, le seirbhísí níos éifeachtaí a bhaint amach do phobal na Gaeilge ónar gcomhairlí áitiúla, ó ranna stáit agus ó roinnt eagras poiblí eile (thíosluaite). Tá Gaeilgeoirí i dteideal na seirbhísí seo faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Is féidir leat litreacha a scríobh agus foirmeacha iarratais a líonadh isteach as Gaeilge, glaonna gutháin a dhéanamh agus labhairt leo as Gaeilge, aistritheoir a iarraidh le linn cruinnithe, roinnt cáipéisí oifigiúla a fháil trí mheán na Gaeilge, úsáid a bhaint as leagan Gaeilge d'ainmneacha pearsanta agus úsáid a bhaint as leagan traidisiúnta de logainmneacha.
Seo roinnt de na háisíneachtaí a bhfuil dualgas orthu faoin Chairt: rannóga rialtais, údaráis áitiúla, boird sláinte, iontaobhais sláinte, boird oideachais agus leabharlann, Comhairle na n-Iarsmalann TÉ, Comhairle na n-Ealaíon TÉ, Comhairle Spóirt TÉ, Uiscebhealaí na hÉireann, Comhairle Tomhaltais TÉ, na coimisiúin chuan, an Feidhmeannas Tithíochta, Comhairle Caidrimh Phobail TÉ, Ioncam Intíre, Seirbhís Cúirte TÉ agus an Bord Turasóireachta TÉ.

Tá POBAL ag iarraidh ar phobal na Gaeilge ar fud an tuaiscirt dul i dteagmháil lena gcomhairlí áitiúla agus le ranna stáit leis na seirbhísí seo a éileamh. Tá liosta litreacha samplacha thíos le híoslódáil a bheas ina gcuidiú leat, chomh maith le cóip de cháipéisí POBAL 'Bíodh Eolas agat ar do Chuid Ceart' agus 'Do Sheoladh as Gaeilge'.

Cáipéisí le hÍoslódáillitreacha samplacha anseo  -
  Bíodh Eolas agat ar do Chuid Ceart  -   Do Sheoladh as Gaeilge  

2.3.12 - Buaileann POBAL leis an Roinn maidir le reachtaíocht chraoltóireachta

Scríobh POBAL, scátheagras abhcóideachta na Gaeilge chuig Carál Ní Chuilín, an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, ag moladh dí reachtaíocht craoltóireachta don Ghaeilge a lorg ag Westminster. Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, 'Tá an chraoltóireacht ar cheist do na ceisteanna atá 'á gcoinneáil siar' ag Westminster, agus mar sin, fiú dá mbeadh dea thoil ann ag leibhéal an Tionóil TÉ, ní féidir ach Westminster gníomh ar an cheist seo. I reachtaíocht craoltóireachta an RA, tá tagairtí suntasacha ar chraoltóireacht Gaeilge in Albain agus ar chraoltóireacht Breatnaise sa Bhreatain Bheag, ach níl oiread is tagairt amháin don Ghaeilge i dTÉ. Ag eascairt as an teagmháil a bhí againn leis an Aire Ní Chuilín, bhí cruinniú againn le hionadaí sinsearach na Roinne, Paul Gamble, Ceannasaí Craobh na hÉagsúlachta Teanga ag an Roinn, leis an cheist a chíorú. Bhí plé fiúntach eadrainn.'  Bhuail POBAL le fo-Státrunaí na Breataine, Hugo Swire agus le Státrunaí an Fhreasúra, Vernon Coaker ar na mallaibh agus pléadh an cheist leo.  Dúirt Janet, 'Beidh muid ar lorg cruinnithe eile leo go luath le tógáil ar an obair atá déanta againn go dtí seo ar cheist na craoltóireachta Gaeilge.'

21.2.12 - Léirigh do thuairim ar reachtaíocht agus ar chreatstraitéis don Ghaeilge

Faoi láthair, tá POBAL ag lorg tuairimí an phobail ar a chuid moltaí maidir le reachtaíocht agus le creatstraitéis don Ghaeilge. Reáchtáil POBAL sraith cruinnithe poiblí i mBéal Feirste, Ard Mhacha, An Chorr Chríochach, Iúr Cinn Trá agus Doire le moltaí   an phobail ar fud an tuaiscirt a chloisteáil. Is í an aidhm atá ag POBAL dréachtmholtaí maidir le nuashonrú dhoiciméid an eagrais Acht an Gaeilge TÉ a nuashonrú, agus le dréachtmholtaí maidir le Creat Straitéiseach don Ghaeilge a fhorbairt. Dúirt Janet Muller, 'Ag na cruinnithe, bíonn deis na moltaí nuashonraithe don reachtaíocht agus moltaí don straitéis a phlé. Is féidir smaointe a chur chugainn i scríbhinn, chomh maith, ach le cuidiú linn an tionchar is fearr a imirt ar dhéantóirí polasaí taobh istigh do spriocam gairid, más maith le daoine freagra scríofa a chur chugainn, ba mhaith linn iad chomh luath agus is féidir agus go cinnte roimh 29ú Márta.  Más fadhb ar leith an spriocam sin, is féidir le daoine teagmháil a dhéanamh linn faoi.'       Dréachtmholtaí agus cáipéisí ábhartha eile ar fáil anseo

23.1.12 - 'Súil Charad' ar ais ar an bhóthar i 2012  

I ndiaidh sosa ghairid thar an Nollaig, tá Súil Charad, an taispeántas ar fhoilseacháin i nGaeilge le 200 bliain anuas atá curtha le chéile ag POBAL, amuigh ar an bhóthar arís i 2012. Tá clár ama lán, cuimsitheach beartaithe don taispeántas i mbliana, ag toiseacht le cuairt fhada ar an Chorr Chríochach. Dé Luain 23ú Eanáir, seoladh Súil Charad i Leabharlann an Coirre Críochaí. Chuir Sean Clarke, cathaoirleach Chomhairle na Coirre Críochaí, fáilte roimh an taispeántas sa leabharlann. I measc an luchta féachana bhí daltaí ó Scoil Mhuire, Cabháin an Chaorthainn. Fanfaidh an taispeántas i Leabharlann an Coirre Críochaí go dtí an Luan 6ú Feabhra, nuair a bhogfaidh sé isteach san Ionad Burnavon, sa bhaile céanna. Seo clár ama an taispeántais go dtí an samhradh: 6ú Feabhra: Ionad Burnavon, an Chorr Chríochach -  24ú Feabhra: Ollscoil Uladh Mhig Aoidh, Doire - 9ú Márta: Coláiste Chaitríona, Ard Mhacha - 19ú Marta: Leabharlann Mhuineacháin, Cluain Eois - 3ú Aibreán: Leabharlann an Chabháin - 16ú Aibreán: Leabharlann Liatroma, Béal an Átha Mhóir - 30ú Aibreán: Inis Ceithleann - 14ú Bealtaine: Leabharlann na hÓmaí.      Gliogáil anseo le leabhrán 'Súil Charad' a íolódáil

17.1.12 - Molann Comhairle na hEorpa Acht na Gaeilge

Tá tacaíocht idirnáisiúnta do ghníomhaíocht ar an Acht Gaeilge níos airde anois ná riamh i ndiaidh gur fhoilsigh monatóirí neamhspleácha Chomhairle na hEorpa a dtuairisc is déanaí. Bhuail POBAL le hionadaithe ón Choiste Comhairleach ar an Chreat-Choinbhinsiún um Chosaint Mionlach Náisiúnta anuraidh le cur in iúl dóibh staid na Gaeilge sa tuaisceart ó 2007. Mar thoradh ar an fhianaise a chuir an scáthghrúpa ina láthair, rinne Comhairle na hEorpa trí mholadh shonracha gur cheart a bheith curtha i ngníomh láithreach maidir le cur i bhfeidhm choinbhinsiúin cheangailtigh ag an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear an moladh a iarrann ar na húdaráis: 'Develop comprehensive legislation on the Irish language in Northern Ireland and take resolute measures to protect and implement more effectively the language rights of persons belonging to the Irish-speaking community.'

Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL , 'Tá sé an-suntasach, mar gheall ar an raon leathan de cheisteanna a dhéanann an Coiste Comhairleach trácht orthu a bhaineann le Sasana, le hAlbain, leis an Bhreatain Bheag agus leis an thuaisceart, gur dhírigh siad ar an Ghaeilge mar bhuncheist go réiteofaí láithreach bonn. Is é seo an breitheamh is déanaí de shraith bhreithiúna thábhachtacha idirnáisiúnta a bhfuil baint ag POBAL leo maidir le cearta teanga na Gaeilge anseo agus is cúis sásamh é dúinn go bhfuil ár gcuid oibre ina thionchar ar chúrsaí. I ndiaidh ár n-ócáide móire idirnáisiúnta ar Acht na Gaeilge i Stoirmhonadh i mí na Samhna, tá POBAL ag nuashonrú a gcuid moltaí faoi láthair maidir le hAcht na Gaeilge agus beidh muid ag atheisiúint eagráin 2012 de na moltaí le haghaidh reachtaíochta go luath.'     Léirigh Coiste Comhairleach Chomhairle na hEorpa chomh maith gur cúis imní é an moladh atá ag an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas agus Foras na Gaeilge chun deireadh a chur leis an bhunmhaoiniú d'eagraíochtaí Gaeilge, lena n-áirítear POBAL. Léiríonn an cáineadh seo freasúra forleathan na ngrúpaí Gaeilge lena mbaineann seo, grúpaí a chreideann go gcuirfidh an moladh deireadh leis an bunghrúpaí, le habhcóideacht agus seirbhísí Gaeilge, agus go ndéanfaidh sé damáiste buan don Ghaeilge. Dúirt Janet Muller, 'Tá comhairliúchán ar siúl faoi láthair ar na moltaí seo agus tá sé ríthábhachtach go ndéanann iad siúd atá freagrach as an phróiseas reatha freastal dáiríre ar imní na saineolaithe idirnáisiúnta.'    Lena chois sin, déanann an Coiste Comhairleach trácht ar easpa gluaiseachta ar chomharthaíocht Ghaeilge, go háirithe ar dhearcadh na gComhairlí áitiúla, lena n-áirítear Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, maidir le comharthaíocht Ghaeilge; an easpa maoinithe buan don Chiste Craoltóireachta Gaeilge; agus an gá go n-aithnítear go bhfuil gníomhartha dearfacha atá tógtha leis an Ghaeilge a cosanta agus curtha chun cinn ar aon dul le dea-chleachtas agus le comhionannas.
Íoslódáil cóip den tuairisc anseo

5.12.11 - Ardmholadh do POBAL ón Aire Oideachais

Gaeloideachais agus Riachtanais Speisialta Oideachais Thuaidh agus Theas: Ag uasmhéadú na hoiliúna agus na n-acmhainní.

Mhol an tAire Oideachais ó thuaidh, John Ó Dowd, obair POBAL ar shainriachtanais an pháiste dhátheangaigh, nuair a thug se óráid ag cruinniú uile-oileánda a reáchtáil an scátheagras abhcóideachta in Iúr Cinn Trá , Déardaoin 1ú Nollaig. Bhí mórscaifte saineolach i láthair ag an chruinniú, le hionadaithe ó choláistí oiliúna, síceolaithe oideachasúla, taighdeoirí, oideachasóirí, múinteoirí agus lucht na Gaelscolaíochta thuaidh agus theas. Chomh maith leis an Aire ó thuaidh, bhí Diarmaid Dullaghan, cigire sinsearach sa Roinn Oideachais agus Scileanna ó dheas i láthair. Ag an chruinniú, dhírigh na rannpháirtithe ar na bealaí le cur le comhoibriú uile-oileánda chun an leas is mó a bhaint as na hacmhainní, as an eolas agus as an oiliúint atá ar fáil d'earnáil na Gaelscolaíochta i dtaca le páistí le sainriachtanais.

Rinne Janet Muller, PF POBAL, cur síos ar an obair atá déanta ag POBAL ar an cheist seo le 10 mbliana anuas. Dúirt sí, ' Is léir dúinn go bhfuil dea-thoil agus comhoibriú ar siúl faoi láthair ar an talamh ar cheist na sainriachtanas agus ar oiliúint is acmhainní, ach bíonn constaicí ann freisin. Creidimid go bhfuil leas mór le baint as obair as lámh a chéile agus thug an ócáid, deis cur leis an mhéid atá bainte amach go dtí seo.' Thug Caroline Nolan, taighdeoir le POBAL ar an togra, achoimre ar thorthaí na tuairisce, Riachtanais Speisialta Oideachais i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán: Taighde uile- oileánda ar riachtanais tacaíochta agus traenála na hearnála, agus faoi stiúir an Ollaimh   Dónaill Uí Bhaoill, bhí díospóireacht bhríomhar ann idir na saineolaithe agus iad ag roinnt eolais agus ag plé na bhféidearthachtaí cuí.' Bhí an ócáid seo a reáchtáil ag POBAL le maoiniú ón Chomhairle um Oideachas Gaelscolaíochta agus Gaeltachta. Íoslódáil cóip den tuairisc anseo

16.11.11 - Tinreamh mór i láthair ag ócáid POBAL ar Acht na Gaeilge i Stoirmhonadh

Chuir POBAL, scátheagras abhcóideachta phobal na Gaeilge, fáilte roimh an suim leathan a léirigh réimse eagrais cultúrtha, sóisialta agus polaitíochta in ócáid POBAL ar Acht na Gaeilge TÉ, i Stoirmhonadh ar 16ú Samhain. Ba i gcomhpháirtíocht leis an Aire Cultúir, Carál Ní Chuilín agus le Basil McCrea CTR, Páirtí Aontachtach Uladh a chuir POBAL cuireadh amach chuig réimse leathan de dhaoine agus d'eagrais.  Dúirt Janet Muller, PF POBAL said, 'Bhí muid sásta leis an tinreamh i láthair ag an ócáid. Bhailigh muid scaifte mór de dhaoine éagsúla le chéile. Ba mhithid Gaeilgeoirí, saineolaithe idirnáisiúnta agus ionadaithe na sochaí shibhialta a thabhairt le chéile le plé a dhéanamh ar fhorbairtí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta ó fógraíodh cáipéis POBAL Acht na Gaeilge TÉ / The Irish Language Act NI sa bhliain 2006. Sa bhliain 2007 tugadh tacaíocht thar na bearta dár moltaí comhaontaithe i dhá chomhairliúchán rialtais. Is léir gur cheart go mbeadh ról lárnach ag riachtanais agus tuairimí an Ghaeilgeora i múnlú na reachtaíochta. Sa tréimhse ó tugadh an gealltanas leis an Acht a chur i bhfeidhm, i ndlínsí eile na dtíortha seo, bhí cosaint reachtaíochta do theangacha dúchasacha ag dul i bhfeabhais, agus ba mhaith linn a bheith cinnte go bhfuil na hathruithe seo curtha san áireamh agus muid ag obair i dtreo Acht na Gaeilge.'                   

Dúirt an tAire, Carál Ní Chuilín, 'Tá cosaint sa dhlí don Ghaeilge in Albain agus don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag. Ba chóir an stádas céanna a thabhairt don Ghaeilge. Dhírigh mé feidhmeannaigh na Roinne ar dhréacht-Bhille Gaeilge a fhorbairt i dtreo achta. Tá anailís á dhéanamh ar an obair atá curtha i gcríoch ag an Roinn roimhe seo, agus tá muid ag aimsiú scóip na reachtaíochta faoi láthair.' I measc na bpríomhchainteoirí a bhí i láthair ag an ócáid i Stoirmhonadh, bhí an tOllamh Robert Dunbar (Ollscoil Obar Dheathain agus an togra taighde 'Soillse') agus an tOllamh Colin Williams (Ollscoil Caerdydd), beirt a aithnítear mar shaineolaithe idirnáisiúnta iomráiteacha. Dúirt Janet Muller, 'Thug an dá Ollamh Dunbar agus Williams comhairle ar dhréachtú reachtaíocht teanga in Albain agus sa Bhreatain Bheag, agus tá taithí idirnáisiúnta leathan acu beirt i gCeanada agus san Eoraip. Duine den triúr saineolaí é an tOllamh Williams a thug comhairle maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge sa deisceart. Thug an bheirt acu a gcuid taithí fhairsing leo chuig an ócáid.' Sa bhreis air sin, bhí díospóireacht phainéil ann a d'oscail Dominic Hannigan, Cathaoirleach an Chomhchoiste um Chur i nGníomh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus a chuimsigh cainteoirí lena n-áiríodh Hywel Hughes, Ceann an tSeirbhís Chúirteanna na Breatnaise sa Bhreatain Bheag, Alasdair MacCaluim, Oifigeach na Gàidhlig i bParlaimint na hAlban, Dòmhnall Mac Nèill, PF Comunn na Gàidhlig in Albain agus Helen Ó Murchú, a rinne cur síos ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí sa reachtaíocht ó dheas.                                                                                     

Maidir le Dréachtchlár an Rialtais ó thuaidh a foilsíodh an lá i ndiaidh na hócáide, dúirt Janet Muller go dtuigeann sí cén fáth nach raibh costais iomlán na reachtaíochta san áireamh san phlean; 'Glacann muid leis an eolas atá curtha romhainn ag an Roinn, go bhfuil sí ag obair ar luacháil ar an reachtaíocht faoi láthair agus mar sin nach féidir na costais áirithe sin a chur isteach faoi láthair. Ag an am céanna, is cúis iontais nach bhfuil tagairt ar bith ar an reachtaíocht sa Dréachtchlár, mar is léir go mbeidh costais de chineál éigin leis an ullmhúchán agus le heolas a chur roimh an phobal.' Dúirt sí chomh maith gur scríobh sí litir chuig an Taoiseach Enda Kenny an tseachtain seo, maidir le fógra ón rialtas ó dheas go ndruidfí Oifig an Choimisinéara Teanga. Dúirt sí, 'Is moladh millteanach é seo, a dhéanfaidh dochar don teanga ó dheas agus a imreoidh drochthionchar ar an Ghaeilge ó thuaidh chomh maith. Tá POBAL go láidir den tuairim go bhfuil Coimisinéir Teanga de dhíth le forfheidhmiú na reachtaíochta teanga a chinntiú.' Tá an ócáid POBAL maoinithe ag Colmcille agus Foras na Gaeilge.

10.10.11 - Cearta & Ceiliúradh - An Lá Gaeilge is Mó sa Bhliain

Lá den chéad scoth a bhí ann ag Cearta agus Ceiliúradh, oll-ócáid de chuid POBAL, a reáchtáil an scátheagras in Aonach Naomh Seoirse, Béal Feirste, 9/10/11. Dúirt Janet Muller, PF POBAL, 'D'fhás Cearta agus Ceiliúradh go raibh sé ar an ócáid lae is mó i saol na Gaeilge, thuaidh na theas. Is mar gheall ar thacaíocht an phobail dúinn go raibh eagras chomh beag le POBAL in ann teacht le cheile chomh mór a fhorbairt agus daoine a mhealladh ó chóngar is ó chéin. Bhí rud éigin ann do gach duine, Dé Domhnaigh, ó mhóreachtraí sorcais go lámhchleasaíocht le Seán Ó Faoláin agus seó míre na Fanzinis, ó Phort a' Beul le hamhránaithe iomráiteacha Ghaidhlig na hAlban, go hamhráin comh-aimseartha le JJ Ó Dochartaigh, ó chor Bhunscoil Phobail Feirste, go hamhráin ón cheoldráma Mama Mia! a rá ag dálta ó Ghaelscoil Éanna, agus ó dhamhsóirí Bhunscoil an tsléibhe Dhuibh go damhsa proifisiúnta ó Celtic Storm.

Dúirt Janet Muller, PF POBAL, 'De Domhnaigh, bhí sé 5 bliana ó thug rialtas na Breataine gealltanas Acht na Gaeilge a thabhairt isteach agus tháinig na céadta daoine amach le teachtaireacht soiléir a thabhairt – caithfidh rialtais a ngealltanais a choinneáil.' Is dócha nach mbeidh muid in ann an Aonach a úsáid arís ar an dóigh céanna, mar go bhfuil cinneadh glactha ag Comhairle Bhéal Feirste gan cead a thabhairt do ghrúpaí an suíomh a úsáid ar an Domhnach ón bhliain seo chugainn ar aghaidh. Is trua sin, mar go bhfuil baint ar leith idir an Ghaeilge agus an Aonach, agus rinne muid athnuáil ar an nasc sin le trí bliana anuas le Cearta agus Ceiliúradh. Más amhlaidh nach mbeidh muid in ann a bheith ar ais san Aonach, is cinnte gur imeacht spleodrach a bhí againn. Bhí an scaifte thar a bheith sásta le siamsaíochta an lae – le maoiniú ó Cholmcille, thug na heagarthóirí beirt amhránaí den chéad scoth anonn ó Alban. Tá clú agus caill ar Mary-Ann Turner agus ar Maggie MacDonald agus chuir siad 2 cheardlann ar leith ar fáil – amhráin luadhaidh bréidín nó 'Tweed waulking' agus ceardlann eile ar Phuirt á Beul. Le cuidiú ón Chrannchur agus Comhairle na hEalaíona, bhí rinceoirí Celtic Storm, na Cleamairí, na Deartháireacha Fanzini agus an lámhchleasaí Seán Ó Faoláin ann. Choinnigh lucht an Sorcais, le maoiniú ó Chomhairle Bhéal Feirste, an lucht féachana ar chipíní.    Íoslódalacha: Grianghraif ar Flickr Video

22.8.11 - Seasann POBAL le Gaeilgeoirí Ard Mhaca ag agóid ag oifigí na Comhairle

D'fhreastal baill de POBAL ar agóid ar son lucht na Gaeilge Ard Mhaca agus le gearán a dhéanamh le easpa aitheantais don Ghaeilge ag an Chomhairle sa cheantar. Bhí roinnt céadta duine páirteach in agóid taobh amuigh de Chomhairle Ard Mhacha. Bhí páistí scoile, ceoltóirí agus daoine a bhfuil baint acu le heagrais Ghaeilge i measc an t slua ollmhó ir a tháinig le chéile chun a míshásamh a chur in iúl faoin mhéid a dúirt an comhairleoir Jim Speers, UUP, a mhaígh nach mbeadh de thoradh ar an Ghaeilge ach daoine a 'thabhairt ar ais chuig an phortach.' Shiúl na hagóideoirí chuig foirgnimh na Comhairle ar thug Janet Muller agus Seán Ó Maoilsté ó Cairde Teo litir gearáin d'ionadaí na Comhairle.  Féach Fís   -   Féach Grianghraif   

4.8.11 - Éiríonn go mór le himeachtaí POBAL na Féile 2011

Reáchtáil POBAL, grúpa abhcóide na Gaeilge, imeachtaí ag Féile an Phobail 2011 a chuimsigh taispeántais, seoladh agus léacht.  I rith sheachtain na Féile bhí an taispeántas 'Súil Charad': 200 bliain de nuacht na Gaeilge ar taispeáint i gColáiste Ollscoile Naomh Muire. Léiríonn an taispeántas stair fhoilseachán Ghaeilge le breis agus 200 bliain, ó Bolg an Tsolair a foilsíodh i mBéal Feirste i 1795 go dtí an 21ú hAois, ré an ghréasáin. Ag gabháil leis an taispeántas bhí Léacht ar Stair Fhoilseacháin Ghaeilge tugtha ag Mary DeLargy (OU Mhic Aoidh i gColáiste Ollscoile Naomh Muire Déardaoin, 4ú Lúnasa. Cuimsíonn an taispeántas leabhrán ar an ábhar atá ar fáil ó POBAL.  I dTeach Uí Chorráin, Ionad an Dá Spuaic, ar Bhóthar na bhfál (taobh amuigh d'oifigí POBAL) bhí an taispeántas An Ghaeilge: ag cosaint agus ag cur chun cinn na teanga ar taispeáint i rith na seachtaine chéanna, taispeántas a léiríonn stair na Gaeilge agus an gá le reachtaíocht Ghaeilge sa tuaisceart.  Déardaoin, 4ú Lúnasa, sheol an t-Ardmhéara Niall Ó Donnghaile múrphictiúr POBAL i Sráid Northumberland, Ionad an Dá Spuaic. Scaifte mór idir Ghaeilgeoirí agus chúirteoirí a bhí i láthair agus i measc na n-imeachtaí ag an seoladh bhí caint ón úrscéalaí clúiteach Séamas Mac Annaidh ar an leabhar 'An Béal Bocht' agus ceol ó cheoltóirí óga ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann Loch Lao.  Féach Grianghraif  

21.6.11 - Tógann Coláiste Chaitríona airgead ar son Acht Gaeilge 

Ag leanstan ar chuairt POBAL i rith sheachtain na Gaeilge i mí Mhárta leis an taispeántas An Ghaeilge: ag cosaint agus ag cur chun cinn na teanga agus caint ar chearta agus reachtaíocht, d'eagraigh an scoil lá gníomhartha "Stand Up, Speak Out" dá scoláirí nuair a bhailigh siad airgead do chumainn carthanachta agus chuir siad an obair a dhéanann siad chun cinn sa phobal scoile. D'oibrigh ranganna sa Sruth Gaeilge ar an Acht Gaeilge le linn na bliana agus ar an obair a dhéanann Pobal mar bhrúghrúpa. Thóg na daltaí airgead ar son Acht Gaeilge a bhronn siad é ar ionadaí choiste POBAL Seán Ó Maoilsté. 

13/6/11 - FáiltíonnPOBAL roimh thiomantas d'Acht Gaeilge bunaithe ar chearta

Tar éis cruinnithe an tseachtain seo, tá POBAL ag cur fáilte roimh thiomantas an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Caral Ní Chuilín, go gcuirfidh sí moladh faoi bhráid an Tionóil d'Acht Gaeilge. Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL,' Is léir d' Aire Ní Chuilín tábhacht an ghealltanais a tugadh ag Cill Rímhinn d 'Acht Gaeilge. Áitíonn POBAL uirthi, áfach, le cinntiú go léiríonn na moltaí le haghaidh Acht Gaeilge an tsamhail aontaithe atá ag an phobal cheana féin le haghaidh Acht Gaeilge cuimsitheach láidir, bunaithe ar chearta.  D'fhéadfadh go mbeadh a lán céimeanna romhainn sula mbaintear Acht amach agus luigh muid ar an Aire nach dtabharfadh reachtaíocht lag na torthaí gur gá leis an teanga sa Tuaisceart.  Is é léamh s'againne, ar an phlé, go n-aontaíonn an tAire linn nach mór go ndéanann gach gníomhaíocht arna déanamh anois cinnte go gcuirtear ceist na reachtaíochta cuí chun tosaigh.  Thug POBAL toscaireacht Ghaeilge go Westminster le déanaí chun stocaireacht a dhéanamh ar Acht Gaeilge.  Lean Janet Muller, 'Tuigeann an tAire gur gá cinntiú nach féidir le haontachtaithe leanúint le crosa a úsáid le cosc a chur ar reachtaíocht, agus tá sé ar intinn againn brú a choinneáil ar rialtas na Breataine a thiomantas d'Acht na Gaeilge a chomhlíonadh.  Tá muid ag dúil, chomh maith, le bualadh le hairí rialtas na hÉireann go luath chun plé a dhéanamh ar a gcuid tacaíochta.'  Chuir an scátheagras fáilte, le cois, roimh an ráiteas ó Charal Ní Chuilín go dtabharfadh sí straitéis ar leith is teach sa Tionól d'fhorbairt na Gaeilge.  Dúirt Janet Muller, 'Tá POBAL ag obair ar straitéis mar seo le roinnt ama anois le hionadaithe ó Ollscoil na Ríona, Ollscoil Uladh agus Coláiste Ollscoile Naomh Muire, agus le grúpaí ó na meáin Ghaeilge agus oideachas agus ealaíon na Gaeilge.  Chuir an tAire in iúl go bhfeiceann sí acmhainneacht san obair seo le heolas a scaipeadh agus breisluach a thabhairt don straitéis.'  An tseachtain seo chugainn, beidh an grúpa comhairleach fiontraíochta ag bualadh leis an Aire Oideachais nua, Seán Ó Dowd. 

Gabh i dteagmháil linn

Pobal
Aonad 6
Teach Uí Chorráin
Ionad an Dá Spuaic
155 Sráid Northumberland
Béal Feirste, BT13 2JF

G: 0044-(0)28-9043-8132
F: 0044-(0)28-9024-8667
R-phoist: eolas@pobal.org